22 Bealtaine 2011

sa Chorsaic



Tá mé sa Chorsaic le cúpla lá anuas. Oileán iontach álainn é seo! Radharc é seo ar Montemaggiore. Níl sé i bhfad ó bhaile beag eile, Sant Antoninu, a bhfuil muid ag fanacht ann lenár gcairde a bhfuil teach acu ann. « L'un des plus beaux villages de France » is ea Sant Antoninu más fíor don fhógra à l'entrée du village ! Is féidir go bhfuil an ceart acu.

Ní scríobhfaidh mé níos mó anois. Níl taithí agam ar an méarchlár seo agus tá sé deacair a úsáid. Slán go fóill!

2 comments:

  1. Aontaím leat faoin méarchlár francach. Chuireadh sé as mo mheabhair mé. Bainigí sult as L'Île de Beauté!

    ReplyDelete
  2. Tá cuma álainn ar an áit, a Dennis - nach aoibhinn duit!

    ReplyDelete