03 Lúnasa 2010

Imchasann sé.



Tá cathaoir sclóine agam. D'fhoghlaim Michael, an cat, go rachaidh sí thart uair nó dhó má léimeann sé uirthi i gceart. Uair amháin thug mé brú don chathaoir le go rachadh sí níos tapa. Bhí sceitimíní ar Mhichael! Is é seo an cluiche is ansa leis anois.

Tá go maith agus níl go dona. Ach tá fadhb agam, fadhb Ghaeilge-Béarla agus Béarla-Béarla. Séard atá ag Michael anseo ná “carousel” beag dá chuid féin. Anseo i Meiriceá deir muid “merry-go-round” in ionad “carousel” go minic.

Maidir leis an nGaeilge anois, níl an focal “carousel” in de Bhaldraithe, ná in Collins, ná ag focal.ie, cé go bhfuil “luggage carousel = timpeallán bagáiste” acu.

Tá "merry-go-round = áilleagán intreach” ag de Bhaldraithe agus Collins. “Intrinsic toy”?? Agus tá “merry go round = roithleagán ró” ag focal.ie, focal a chiallaíonn “whirligig” de réir FGB.

Céard atá ag Michael thuas, i nGaeilge?

7 comments:

  1. Is dóigh liom gur 'inntleach' atá i gceist, 'mechanical' seachas 'intrinsic' - féach Dinneen lch. 598.

    @ 'Céard atá ag Michael thuas, i nGaeilge?'

    Spraoi...:-)

    ReplyDelete
  2. Spraoi-iompú...Spraoiompú...

    ReplyDelete
  3. Níl fhios agam faon gcat, ach meadhrán atá ormsa ag smaoineamh air!

    ReplyDelete
  4. "Céard atá ag Michael thuas, i nGaeilge?"

    D'aird iomlán, mar is dual do chat!!!!!

    Fearn

    ReplyDelete
  5. @ Fearn - Ní fíor go hiomlán. Ní mór dó m'aird a roinnt le Molly, a dheirfiúr, cat beag séimh.

    ReplyDelete
  6. Aru! Ní nach ionadh go bhfuil sé ag féachaint le cleasa!!!!!!!!!!

    Fearn

    ReplyDelete
  7. Céard atá ag Michael thuas?

    Tá ceist aige ina shúile: cathain a cheannóidh Dennis cathaoir sclóine dó fhéin?

    ;-)

    ReplyDelete