Más rud go bhfuil tú ag tagairt dár gcomhbhlagadóir thall sa gharraí, tá a fhios agam go bhfuil sé iontach gnóthach i láthair na huaire, oifig nua a thógáil aige, sa mhullach ar ualach mór oibre faoina chúram.
Tá a fhios agam é sin, mar gur labhair mé leis ag an Oireachtas, agus creidim go mbeidh sé ar ais linn, gan gríosú uainn, nuair a bheas deis aige - tá súil agam!
Ceist agam ort - an 'len' sin a d'úsáid tú - 'is fearr len é..', cá bhfuair tú é? Tá a fhios agam go bhfuil sé in úsáid sa chaint, ach ní raibh mé in ann theacht air in GGBC cheana, agus mé ag cuardach 'riail' maidir leis geábh.
Maidir le "len", tá a fhios agam gur cuid de Ghaeilge Chonnacht é. Fuair mé an méid seo in Stair na Gaeilge, lch. 600, in alt 7.10 faoi le:
“Nuair a thagann forainm nó aidiacht shealbhach ina dhiaidh, is gnách n a chur idir an réamhfhocal agus an forainm/aidiacht shealbhach.”
Agus in Córas Fuaimeanna na Gaeilge, lch. 34:
“Baintear leas as an n siúd le hiatas a sheachaint idir réamhfhocal a chríochnaíos le guta agus ceann ar bith de na míreanna a a d'fhéadfadh a bheith ina dhiaidh, nó roimh ainm briathartha a thosaíos le guta, i gcás le.”
Chonaic mé sampla deas den dara húsáid seo i dteachtaireacht a fuair mé ó Roddy Gorman tráthnóna inniu:
“Cuirfidh mé lena bhfuil agaibh gan amhras é ach ba mhaith liom é a chur i gcló in áit eicínt eile ar dtús.”
Go raibh maith agat, a Dennis. Bhí líne agam i mo dhán ‘Leathchois’ agus is mar ‘Teastaíonn dhá chois len é a dhéanamh i gceart’ a bhi sé scríofa agam ar dtús – mo chanúint ba chúis leis, is dócha – ach, sular chuir mé ar mo bhlag é, chuaigh mé ar thóir na rialach maidir le ‘le’ agus ‘len’.
Ar theacht dom ar an bpíosa thíos ó GGBC, d’athraigh mé é go ‘Teastaíonn dhá chois lena dhéanamh i gceart’, macasamhail an rud a rinne Roddy sa teachtaireacht sin, agus de réir mar atá luaite sa phíosa sin in Córas Fuaimeanna na Gaeilge – leabhar nach bhfuil agam, ach a bheas anois, go luath!
Go raibh céad míle maith agat as an soiléiriú sin uait, a chara.
GGBC:
2.3 frása: grúpa focal a bhfuil ceangal gramadaí eatarthu ach nach bhfuil aon bhriathar ann. D'fhéadfadh sé a bheith ainmfhoclach: ba chóir duit an pháirc a threabhadh; nó aidiachtach: an fear ar an gclaí; nó dobhriathartha tháinig sí lena fheiceáil; tá sé mar sin.
Más rud go bhfuil tú ag tagairt dár gcomhbhlagadóir thall sa gharraí, tá a fhios agam go bhfuil sé iontach gnóthach i láthair na huaire, oifig nua a thógáil aige, sa mhullach ar ualach mór oibre faoina chúram.
ReplyDeleteTá a fhios agam é sin, mar gur labhair mé leis ag an Oireachtas, agus creidim go mbeidh sé ar ais linn, gan gríosú uainn, nuair a bheas deis aige - tá súil agam!
Ceist agam ort - an 'len' sin a d'úsáid tú - 'is fearr len é..', cá bhfuair tú é? Tá a fhios agam go bhfuil sé in úsáid sa chaint, ach ní raibh mé in ann theacht air in GGBC cheana, agus mé ag cuardach 'riail' maidir leis geábh.
tá súil agam!
ReplyDeleteAgus agamsa! Cronaím an Garraí.
Maidir le "len", tá a fhios agam gur cuid de Ghaeilge Chonnacht é. Fuair mé an méid seo in Stair na Gaeilge, lch. 600, in alt 7.10 faoi le:
“Nuair a thagann forainm nó aidiacht shealbhach ina dhiaidh, is gnách n a chur idir an réamhfhocal agus an forainm/aidiacht shealbhach.”
Agus in Córas Fuaimeanna na Gaeilge, lch. 34:
“Baintear leas as an n siúd le hiatas a sheachaint idir réamhfhocal a chríochnaíos le guta agus ceann ar bith de na míreanna a a d'fhéadfadh a bheith ina dhiaidh, nó roimh ainm briathartha a thosaíos le guta, i gcás le.”
Chonaic mé sampla deas den dara húsáid seo i dteachtaireacht a fuair mé ó Roddy Gorman tráthnóna inniu:
“Cuirfidh mé lena bhfuil agaibh gan amhras é ach ba mhaith liom é a chur i gcló in áit eicínt eile ar dtús.”
Go raibh maith agat, a Dennis. Bhí líne agam i mo dhán ‘Leathchois’ agus is mar ‘Teastaíonn dhá chois len é a dhéanamh i gceart’ a bhi sé scríofa agam ar dtús – mo chanúint ba chúis leis, is dócha – ach, sular chuir mé ar mo bhlag é, chuaigh mé ar thóir na rialach maidir le ‘le’ agus ‘len’.
ReplyDeleteAr theacht dom ar an bpíosa thíos ó GGBC, d’athraigh mé é go ‘Teastaíonn dhá chois lena dhéanamh i gceart’, macasamhail an rud a rinne Roddy sa teachtaireacht sin, agus de réir mar atá luaite sa phíosa sin in Córas Fuaimeanna na Gaeilge – leabhar nach bhfuil agam, ach a bheas anois, go luath!
Go raibh céad míle maith agat as an soiléiriú sin uait, a chara.
GGBC:
2.3 frása: grúpa focal a bhfuil ceangal gramadaí eatarthu ach nach bhfuil aon bhriathar ann. D'fhéadfadh sé a bheith ainmfhoclach: ba chóir duit an pháirc a threabhadh; nó aidiachtach: an fear ar an gclaí; nó dobhriathartha tháinig sí lena fheiceáil; tá sé mar sin.
22.14 ‘ féachfaidh mé lena dhéanamh’
This comment has been removed by the author.
ReplyDeleteféachfaidh mé lena dhéanamh
ReplyDeleteSea, is dócha gur i gCúige Chonnacht a tosaíodh ar “é” a chur isteach in abairtí mar seo:
Féachaidh mé len é a dhéanamh.
Thosaigh cainteoirí ar “é” a chur san abairt mar a mbeadh an t-ainmfhocal, seachas an forainm sealbhach a úsáid. Chuaigh siad ó:
le tae a dhéanamh
go: lena dhéanamh for its making
ansin go: len é a dhéanamh for it to make
NB: Rinne mé botún thuas: Rody le d amháin an litriú ceart.
Más fíor nach fíor an chéad chuid den cheist, ní gá an dara cuid a fhreagairt. Ach, más fíor gur fíor...
ReplyDelete'le' in ionad 'chun' atá agaibh, chun (le) cuspóir a chur in iúl.
ReplyDelete