![](https://blogger.googleusercontent.com/img/b/R29vZ2xl/AVvXsEj635CycL7nwxWJcJOSjDdVR0S7zhqEzyJA7oL04v5bkks3oVzPpJmSJYF3XnUU42JXrVt75oaGIhvmM05XLiZJv9PYGzCB2TS4LSvtVT4KpH2w6cvkgHMXkxism2AgksnC9D6qfRqK3fI/s400/IMG_0070.jpg)
Rinne mo chara Maxime Guillemin, a bhfuil cónaí air i bPáras, an ceann seo. Ar an drochuair, lean sé mo dhrochshampla agus scríobh ES in áit IS sa chéad fhocal. Is álainn an píosa é mar sin féin.
ES (recte: IS) SERB CACH GNATH = Is searbh gach gnáth.
Arbh í Emer an chéad chomhairleoir pósta mar sin? ;-)
ReplyDeleteIs dócha é! Ná dearmad gur lena fear féin a bhí sí ag déileáil. Níl a fhios agam cé chomh cothrom neamhchlaon agus a bhí sí. Cuireann sí mná pósta a lán polaiteoirí abhus anseo i láthair na huaire i gcuimhne dom.
ReplyDelete