I lár an gheimhridh
inniu an grianstad.
As an lá seo amach
beidh an lá ag dul i bhfad.
An braon anuas,
ní fios a threo ná a luas,
gan trácht ar a chruas.
(An aimsir i dtréimhse seo na héiginnteachta.)
An seanchas gearr, an seanchas is fearr.
I lár an gheimhridh
inniu an grianstad.
As an lá seo amach
beidh an lá ag dul i bhfad.
An braon anuas,
ní fios a threo ná a luas,
gan trácht ar a chruas.
(An aimsir i dtréimhse seo na héiginnteachta.)
Seo “slisneach” a scríobhadh go luath sa séú haois déag sa LS 1347 atá anois ag Coláiste na Tríonóide agus atá ar fáil ar líne ó ISOS. Máel Íosa, a bhí ina scríobhaí, a chuir an LS le chéile.
Tá creatlach an tslisnigh sách simplí. Ó thús deireadh níl ann ach abairtí i bpéirí atá ceangailte le chéile sa phatrún seo: Mad(h)am X, bid(h)am Y. Mad(h)am Y, bid(h)am Z, Mad(h)am Z … agus mar sin de.
Ní scríobhtar “madam” leis an -d- ach uair amháin, in “madam rimar”. Sna habairtí eile feiceann muid “ma am”. Is féidir nach raibh sa ‘d = dh’ lárnach sin ach hiatus i nGaeilge an scríobhaí a bhreac síos an slisneach.
Foirmeacha den chéad phearsa uatha den chopail atá sa dá bhriathar sin a leanann a chéile tríd síos:
mad(h)am = if I were
bid(h)am = I will be
Tá cuid de na focail eile, ainmfhocail agus aidiachtaí, réasúnta cinnte, ach níl le déanamh ach buille faoi thuairim a thabhairt faoi cuid eile díobh ag an bpointe seo. An liosta:
ruire = overlord
ruanaid = ruanaidh = strong man
sempar ~ seampar = “semper” na Laidine = lasting, eternal
condiulg ~ condelcc = coindealg = covenant; counsel
rímar = rí mór = great king ?
soichlech = soichleach = liberal, generous, hospitable (DIL)
dreablaing ~ dreblaigg = (1) drabhlainn - trifler, idler; absurdity, sheer nonsense. (2) snarling, grumbling; grinning (Dwelly) ??
dobur = dobhar = dark, obscure
sindal = sindal < sinnal < sinneall < so-inneall ??
luamain = luain = movement, vigorous exertion, hard work (FGB)
ealcmur ~ elcmur = elcmar = envious, spiteful (DIL)
idhland ~ idhlantt = (1) fidlann - a piece of wood used in divination and hence the divination itself (some kind of rhabdomancy or xylomancy (DIL); (2) iodhlann - bound, burst, spurt, blast (FGB)
ind righ = an rí = the king
Seo é an slisneach dá réir sin:
Madam ruire, bidam ruanaid. - If I be an overlord, I will be a strong man.
Madam ruanaid, bidam sempar. - If I be a strong man, I will be eternal.
Madam seampar, bidam condiulg. - If I be eternal, I will be counsel / covenant.
Madam condelcc, bidam rímar. - If I be counsel, I will be a great king.
Madam rimar, bidam soichleach. - If I be a great king, I will be generous.
Madam soichleach, bidam dreablaing. - If I be generous, I will be snarling. (??)
Madam dreblaigg, bidam dobur. - If I be snarling, I will be dark / dire. (??)
Madam dobur, bidam sindal. - If I be dark, I will be ___.
Madam sindal, bidam luamuin. - If I be ___, I will be exertion.
Madam luamain, bidam ealcmur. - If I be exertion, I will be jealous (??).
Madam elcmur, bidam idhland. - If I be elcmar, I will be a burst / blast.
Madam idhlantt, bidam ind righ. - If I be a blast, I will be the king.
Iter roilicca. tic. - Between graves / cemeteries. comes. (??)
Seo giota gaoise ón fhichiú haois. Is cosúil gurbh é Myles na gCopaleen / Flann O’Brien / Brian O’Nolan a scríobh. Níl a fhios agam cár cuireadh i gcló é ná cén bhliain.
“Gabar” leis an litir ‘a’, truailliú den fhocal “caper” atá ann. “Gabor” le “o”, áfach, is ainm don each é. Agus is “breac” a truaillíodh ann .i. “goor” gach solas ansin, mar sin tugtar “goar” ar an each geal, srl. Cibé dath eile atá ar an each, má tá beagán den gheal ann, is “goor” a ainm, óir is as an dath is airgeadúla atá ann a ainmnítear é. Chuir an file Gaelach ‘b’ leis ar scáth an bhinnis, toisc go raibh “gobar” níos binne leo ná “goor”, dá bhrí sin is “gobar” a ainm.
Is ortha Navajo é seo a fuair an teangeolaí Washington Matthews (a rugadh in Éirinn sa bhliain 1843) timpeall 120 bliain ó shin agus a foilsíodh sa bhliain 1907 in University of California Publications in American Archaeology and Ethnology, vol. 5 No. 2.
Hayoołkááł bee hooghangi …
Bhí seanbhean ina cónaí i dteach beag lena cat, Tadhg, amuigh faoin tuath áit éigin in Éirinn. Ag teacht abhaile ón séipéal Lá Fhéile Pádraig di, céard a chonaic sí ach duine den aos sí (.i. leprechaun, céard eile?) i bhfolach taobh thiar de sceach. Thug sí léim agus rug sí greim ar an bhfear beag. "Tá mé fair caught," adúirt an lucharachán agus thug sé trí wishes di. "Fan go bhfeice mé ...," a deir sí. "Is mian liom a bheith saibhir in áit a bheith bocht." Bingo! Bhí milliún punt i nótaí beaga i mála faoin sceach. Rinne sí a machnamh nóiméad eile agus dúirt, "Is mian liom a bheith óg agus álainn." Bingo! Bhí sí óg agus álainn. Chaith sí cúpla nóiméad eile ag machnamh ar a tríú mian, agus ansin dúirt sí, "Is mian liom mo chat beag, Tadhg, a bheith ina fhear óg dóighiúil." Bingo! Bhí Tadhg ina fhear óg dóighiúil. Is ar éigin a chreid sí é seo, agus d'exclaimáil sí, "A Thaidhg, an tusa atá ann dáiríre?" Labhair an t-ógfhear dóighiúil agus dúirt, "Is mé, agus nach bhfuil aiféala ort gur ghearr tú mé?"
Chuir mé Béarla ar an scéal grinn seo na blianta ó shin. Níor aistrigh mé “wishes”. Ní raibh mé cinnte ag an am sin cén focal a bheadh oiriúnach. Níl mé cinnte inniu. Tá trí rogha ann, agus seo iad na vótaí a fuair siad i bpobalbhreith a rinne mé ar Twitter an lá cheana. Maidir le “drinnrosc,” bhí sé in úsáid go coitianta i nGaeilge Mheánaoiseach.