21 Feabhra 2014

Roghnaigh pasfhocal


Roghnaigh pasfhocal:



TÁBHACHTACH!
Ba chóir go mbeidh 6 charachtar i do phasfhocal, litir mhór amháin, an dá uimhir dheireanacha de dháta lá breithe Bhanríon Shasana, anagram den bhriathar déblatérer sa dara pearsa iolra den fhoshuiteach caite, 250g plúr, gloine mhór uisce, agus gráinnín salainn.

17 Feabhra 2014

zombaithe


Is dócha go mbeadh duine nó dhó amuigh ansin a bhfuil scileanna acu nach bhfuil agamsa “ealaín bhalla” a dhéanamh as na híomhánna seo.  Fuair mé gan dua iad ar an idirlíon, a bhuí le Íomhánnan Google. Tá mé cinnte go bhfuil rogha níos mó ann ach iad a chuardach. Séard atá ar intinn agam ná iad seo a úsáid in éindí le mana ar nós:


An Teanga Mharbh a Bhfuil Siúl na gCos Aici

Fainic na Daoine a Labhraíonn Teanga Mharbh!

Céard Atá Uathu? D'Inchinn!

March na Marbh







16 Feabhra 2014

féinmhagadh & scigaithris


Tá téis agam. Uaireanta tig le mionlach bá an phobail a chothú trí scigaithris agus féinmhagadh. Is mithid dúinn triail a bhaint as. Mar shampla agus mar thosú:

Deirtear go bhfuil ár dteanga marbh. Óicé.


Is teanga mharbh í a bhfuil siúl na gcos aici fós. Fainic! Tá na Gaeilgeoirí ag teacht!


Deirtear nach bhfuil ach scata beag againn ann. Óicé.


Níl ach ceathrar déag againn ann dáiríre.
Is faoi rún a rialaíonn muid
an domhann go léir!


14 Feabhra 2014

Lá San Vailintín 2014


Tá an rós dearg. 
Tá an tsailchuach sailchuachach. 
Tá seacláid go deas 
ach tá Cadbury beagluachach.

Tig libh níos fearr a dhéanamh, a fheara!


12 Feabhra 2014

Bás, bás, bás, bás.


D'iarr an toicí seo ar Shengai rud éigin a scríobh le haghaidh rath a chlainne, rud éigin a bheadh mar sheoid acu ó ghlúin go glúin.

Fuair Sengai leathanach mór páipéir agus scríobh:



Faigheann an seanathair bás, 
faigheann an t-athair bás, 
faigheann an mac bás, 
faigheann an garmhac bás.

Tháinig fearg ar an toicí. “D'iarr mé ort rud éigin a scríobh le haghaidh shonas mo chlainne! Cad é an scigireacht seo?”

“Ní scigireacht atá ar intinn agam,” a mhínigh Sengai. “Dá bhfaighfeadh do mhac bás roimh do bhás féin, bheadh an-bhrón ort. Bheadh an bheirt agaibh croíbhriste dá n-éagfadh do gharmhac romhaibh. Má fhaigheann do chlann bás san ord a scríobh mé, glúin i ndiaidh glúine, in am agus i dtráth, beidh fíor-rath oraibh.

Manach Seapánach Zen a bhí i Sengai (1750-1837). Tá insintí éagsúla ar an scéilín seo.

20 Eanáir 2014

Altram Tige Dá Medar


Seo sliocht as an scéal “Altram Tige Dá Medar” a tháinig anuas chugainn sa lámhscríbhinn Leabhar Fhear Maighe. Tá Manannán ag tabhairt comhairle a leasa d'Aonghus, á bhrostú chun seilbh a ghlacadh ar Bhrú na Bóinne. Tabharfaidh mé an bunleagan ar dtús, díreach mar atá sé scríofa, móide beagán poncaíochta.


“Leig as,” ar Manannán, “oir is uaisli ri na ridiri & is uaisle triath na tanaisdi & is fearr comus na cuidiugadh & is fearr airithi na oirciseacht & is fearr tele a lamh na teli a athair no mathair no athach, gibe acu ar a n-iarfa achuingi & do cuir sin crideam comor an Aengus & adubhairt, “Isi do comairli dogentar do chur so, a drigh,” ar Aengus.

“Lig as,” arsa Manannán, “óir is uaisle rí ná ridirí, agus is uaisle triath [prionsa] ná tánaiste, agus is fearr cumas ná cuidiú, agus is fearr áirithe ná oirchiseacht [trua], agus is fearr ‘tabhair, a lámh’ ná ‘tabhair, a athair’ nó a mháthair nó a athaigh, cibé acu ar a n-iarrfá achainí, agus chuir sin creideamh chomh mór in Aonghus, agus dúirt “Is í do chomhairle a dhéanfar do chur seo [an turas seo], a dhruí,” arsa Aonghus.

Tá suim ar leith agam sa tsraith comparáidí a dhéanann Manannán le huchtach a thabhairt d'Aonghus:

Is uaisle rí na ridirí. 
A king is more noble than his knights.

Is uaisle triath ná tánaiste. 
A great king is more noble than the heir apparent.

Is fearr cumas ná cuidiú. 
Ability is better than aid. 

Is fearr áirithe ná oirchiseacht. 
Certainty (firm ownership) is better than charity.

Is fearr ‘tabhair, a láimh’ ná ‘tabhair, a athair’. 
‘Give, o my hand!’ is better than ‘Give, o father!’

Tá focal amháin sa téacs seo nach bhfuil againn níos mó ar chor ar bith, mar atá “tele” nó “teli”. Deir eDil gur iasacht ó theanga Ghearmánach atá ann, is dócha: 

taile, tele, etc. ipv. 2 s. (prob. Germ. loanwd., Thurn. Hdb. § 586 ). give, bring hither


… tele a lamh na teli …

13 Nollaig 2013

An Draoi mar Gheoiméadraí


Tá mé díreach tar éis an leabhar seo a léamh. Leabhar amháin atá ann, cé go bhfuil dhá theideal agus dhá chlúdach air, ceann amháin i Sásana agus an ceann eile i Meiriceá. Tá an fear a scríobh é, Graham Robb, ina staraí a bhfuil clú bainte amach aige mar údar: The Discovery of France, Parisians: An Adventure History of Paris, agus dornán leabhar eile.

The Ancient Paths:
Discovering the Lost Map of Celtic Europe 

The Discovery of Middle Earth: 
Mapping the Lost World of the Celts

Ní Ceiltíoch (scoláire na gCeilteach) é Robb, ach rinne sé jab réasúnta maith ag cuimsiú stair fhada na gCeilteach ar an Mór-roinn. An teoiric úrnua atá aige ná go raibh suim ar leith ag na draoithe i ngluaiseacht na gréine - na grianstadanna go háirithe - agus i línte eile ar nós na klimata (atá cosúil leis na línte domhanleithid a fheictear ar léarscáileanna inniu). Bhí na línte seo chomh tábhachtach sin dóibh gur shuigh siad a gcathracha, a ndúnta, agus a gcuid teampall dá réir. 

Tá a lán léarscáileanna sa leabhar, agus a lán línte orthu ag taispeáint leagan amach dhomhan na gCeilteach, dar le Robb.


Bhain mé an-sult as an leabhar mar scéal. Is cumasach an scríobhnóir é Robb. Níl a fhios agam beo an bhfuil an ceart aige maidir lena theoiric, ach ní dóigh liom gur crank atá ann ar chor ar bith. Tá cuid na criticí ar amazon.com agus ar amazon.uk ag rá go bhfuair Robb na torthaí a bhí uaidh a bhuí le cherry picking nó scothroghnú. Is féidir go bhfuil cuid den cheart acu. Ach an ceart iomlán? Sin í an cheist.

Tá lón machnaimh tugtha ag Robb do scoláirí i gcúpla disciplín. Is fúthu siúd a theoiric a bhréagnú anois.   Idir an dá linn, tá spéis an phobail múscailte aige i stair na gCeilteach, rud a tharlaíonn ó am go ham, agus is dócha gur maith an rud é sin!