13 Nollaig 2013

An Bhís (dán eile)




Éirí na gréine 
agus a luí. 

Tá dhá ghiall 
na bíse 
ag teannadh 
fós arís.

Dúluachair 
na bliana.

01 Nollaig 2013

Lady Louse



Tá scéilín fíorghairid ag na Puget Salish faoi bǝsč’ad, an míol cnis. Tá sé le cloisteáil i Lushootseed anseo ó Vi Hilbert, cainteoir dúchais a fuair bás sa bhliain 2009. Tá an scéal le feiceáil (buntéacs agus léaráidí) agus le cloisteáil anseo freisin. Lady Louse a thugtar air i mBéarla. 

Chuir mé Sean-Ghaeilge ar an scéilín cúpla bliain ó shin, toisc gur thaitin doiléire an scéilín liom: céard is ciall leis?

Baí in chaillech Míl Étaig oc aittreb isin tig mór sin a hóenur cen chardiu cen choibdelchu.  Gabais-si scúap didiu 7 glanais in tech mór.  Ba mór int sal. Ránic-si íarom lár in taige móir co luid for sechrán.  Ní accas Míl Étaig aithirriuch.  Finit.

Agus seo é i nGaeilge an lae inniu:

Bhí an tseanbhean Míol Cnis ina cónaí sa teach mór úd ina haonar gan chairde gan ghaolta. Thóg sí a scuab lá amháin agus ghlan sí an teach mór. Bhí sé thar a bheith salach. Tháinig sí go lár an tí agus chuaigh sí amú. Ní fhacthas í riamh ina dhiaidh sin.



21 Samhain 2013

dán beag eile


Chonaic mé é iolar mar seo, iolar maol, ar maidin inné agus chum mé na línte ar an toirt. Is ó Íomhá Ghoogle a fuair mé an grianghraf, áfach.


Chonaic mé 
iolar ar bharr bile 
ag croitheadh 
a chuid cleití 
le clóca cluthar 
a chruthú 
in aghaidh fhuacht 
na maidine.

Geallaim daoibh nach dán a bheas sa chéad bhlagmhír eile!

30 Deireadh Fómhair 2013

cuairt a thabhairt


Tá muid ar tí
cuairt a thabhairt, 
cuairt a thabhairt, 
cuairt a thabhairt
ar chúl an tí,
gan chrá gan bhuairt,
'sé Seán a dúirt.

Dhá rud a chuir an rann páistiúil seo i mo cheann.  An rím a dhéanann “cuairt” agus “tabhairt” i mo chuid Gaeilge, agus an dán le Seán Ó Riordáin a thosaíonn mar seo:

Tá Tír na nÓg ar chúl an tí,
Tír álainn trína chéile,
Lucht cheithre chos ag súil na slí,
Gan bróga orthu ná léine,
Gan Béarla acu ná Gaeilge.


Craiceann an Domhain


Craiceann an Domhain


Ar chuala tú riamh
idir chodladh is dhúiseacht
craiceann an oráiste
á réabadh?

Craiceann miotalach?
Nó leictreach?

Torann statach
ag tabhairt le fios
go bhfuil craiceann ann
agus go bhfuil sé faoi strus?


17 Deireadh Fómhair 2013

Separated at birth?


Deighilte ag am breithe?




Séamus & Dustin

13 Deireadh Fómhair 2013

seilidí arís


Bhí seilide sa bhlagmhír roimpi seo. Tá sé chomh maith agam leanúint leis an ngastrapód.



Seo againn ridire ag troid le seilide.



Agus seo againn an rud céanna arís.

Mar is léir, maisíonn an dá phictiúr seo lámhscríbhinní ón meánaois. Is cosúil nach raibh an mhóitíf seo neamhchoitianta ag an am, dar leis an mblagmhír seo ón mBritish Library. Tá pictiúir eile mar seo le feiceáil ansin. Níos aistí fós ná na pictiúir iad féin, níl a fhios ag aon duine le cinnteacht an fáth a bhfuil siad ann. Cén scéal nó stair nó seanrá atá taobh thiar de na troideanna seo? Mistéir.

Thart faoin am céanna a chonaic mé na pictiúir thuas, chonaic mé an cartún seo a leanas ar an New Yorker. John Klossner a tharraing é. Cuid den cartoon contest a bhíonn ar siúl acu gach seachtain atá ann. Tugtar duais don duine a sholáthraíonn an caption is fearr. 


Chuir an fhoscríbhinn a bhuaigh an comórtas sceitimíní orm nuair a chonaic mé í an chéad seachtain eile:

“I see you are unfamiliar with French mythology.”