17 Samhain 2011

Ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí.



Agus is minic nach iontaofa mearfhéachaint. Cad é an Ghaeilge ar double take?

15 Samhain 2011

naoi stríoc an phinn


Is oth liom nár scríobh mé rud ar bith anseo le seachtain. Ní raibh inspreagadh agam, ná fonn cainte. Giorrú an lae is cúis leis sin, is dócha. Pé scéal é, seo íomhá atá ina luí (ina suí?) ar scáileán mo ríomhaire inniu, ag stánadh amach orm:



Naoi stríoc an phinn, ó dhuine atá ar shlí na fírinne le fada an lá. Cad is brí leo?

Dála an scéil, is léir anocht go bhfuil mé tar éis slaghdán a tholgadh.

09 Samhain 2011

an dara hearrach


“Earrach eile atá san fhómhar.
Tá gach duilleog ina bláth.”


“L'automne est un second printemps
où toutes les feuilles sont des fleurs.”

- Albert Camus

06 Samhain 2011

braonta báistí


Seo croí.



Seo braonta báistí.
Tá síad chomh so-aitheanta céanna leis an gcroí
os cionn an scamaill
os a gcionn.

An bhfuil na braonta báistí seo cruinn? Níl.
Níl siad cruinn = ar dhéanamh liathróide.
Agus níl siad cruinn = accurate ach oiread.

Tá na braonta sa phictiúr seo níos cruinne:


Seo thíos fírinne iomlán na mbraonta báistí:


Ní raibh a fhios agam go dtí le déanaí gur mar seo a bhíonn siad!

05 Samhain 2011

scrios ar mhaithe le fás nua

Seo taifeadadh drámatúil, cuid de i dtime lapse, den chéad ghníomh i leagan damba in oirthear Stát Washington a tógadh céad bliain ó shin. Cé go raibh an leictreachas a dhéantaí anseo tábhachtach, meastar go bhfuil na bradáin san abhainn seo, an White Salmon, níos tábhacthaí fós.
Tá muid ar tí dhá sheandamba eile a leagan sa stát seo, ar an Abhainn Elwha. Tá siad níos mó ná an ceann seo agus tá i bhfad níos mó uisce taobh thiar díobh, mar sin ní bheidh siad in ann tosú le pléasc spreagúl mar seo. Tá siad ag ísliú an uisce agus ag leagan na dambaí sin de réir a chéile ón mbarr anuas.

Tá na cait ag breathnú ort.



Is léir ón gcuma atá ar Mhichael (“an teirmiméadar”) go bhfuil athrú tar éis teacht ar an aimsir. Chuaigh muid ó shamhradh beag go geimhreadh in aon seachtain amháin.

04 Samhain 2011

An Hobad?



Dúradh linn i bpreas-ráiteas sa bhliain 2008 go raibh “leagan Gaeilge faoin teideal An Hobad, nó Go Ceann Scríbe agus Ar Ais Arís á ullmhú i láthair na huaire. Is é Nicholas Williams an t-aistritheoir, an duine a chuir Gaeilge le gairid ar Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas agus ar Lastall den Scáthán agus a bhFuair Eilís Ann Roimpi le Lewis Carroll, dhá aistriúchán a fuair ardmholadh ó phobal na Gaeilge.”

Níor léigh mé an scéal seo i mBéarla riamh. Ba mhaith liom é a léamh roimh theacht amach an scannáin, atá á dhéanamh faoi láthair. Beidh an scannán ar fad i d3D, mar a mhínítear sa chlip seo.



Is cosúil go mbeidh sé go hiontach! Anois, is beag an saol é saol na Gaeilge. Caithfidh go bhfuil a fhios ag duine nó dhó agaibh cén fáth nach bhfuil an leagan Gaeilge den scéal ar fáil fós. Mura bhfuil a fhios agaibh féin, caithfidh sé go bhfuil cara, nó cara le cara, nó col ceathar a bhfuil cara leis atá posta le bean a bhfuil a fhios aici! Nach bhfuil?