10 Lúnasa 2009

leabhragán


Seo mise le Nick agus an leabhragán a rinne sé agus a cheannaigh mé uaidh. Táimid ar tí é a chur sa trucail. Chlúdaigh sé an leabhragán, ceann saor, le seanléarscáileanna. Découpage a thugtar ar an ealaín seo, de réir Nick. Chríochnaigh sé a chéim M.A. an bhliain seo agus beidh sé ina chónaí sa Bhulgáir an bhliain seo chugainn. Ní féidir leis a chuid troscáin a thabhairt leis agus thaitin an píosa seo liom.

Ceist agam oraibh anois: cad as don “-agán” san fhocal “leabhragán”?

mo dheirfiúr ar cuairt


Bhí mé níos ciúine ná mar is iondúil le cúpla lá anuas toisc go raibh Kat agus Mike, mo dheirfiúr agus a fear céile, ar cuairt chugainn ó SoCal (deisceart Chalifornia). Seo iad sa chistin anseo.


Chuaigh muid go Cle Elum Dé Sathairn mar a bhfuil rainse ag cara linn. Seo Kat agus Mike ag taobh locha ar an rainse a bhí ina pholl gairbhéil na blianta ó shin. Tá sé lán de bheatha anois.


Is maor maisíochta (special effects supervisor) i Los Angeles é Mike. Bhí orainn dul go dtí an scannán nua G.I. Joe Dé Domhnaigh mar bhí lámh ag Mike sna craiseanna carranna sa scannán. Rinne siad an chase sequence agus na craiseanna i bPrág, cé go raibh siad in ainm a bheith i bPáras. Is amaideach an scannán é -- sraith fhada de phléascanna thar aon rud eile -- ach creid é nó ná creid, is dóigh liom go raibh beagán Gaeilge ann. Tuilleadh faoi seo go luath!

05 Lúnasa 2009

Thaitin dualaíocht leo freisin.



Creidtear go forleathan na laethanta seo gur rud echt-Cheilteach (nó Gaelach nó Éireannach) í an dualaíocht. Celtic interlace a thugtar air go minic. Ní in Éirinn a thosaigh an cineál seo ornáide, áfach. Rinneadh an píosa seo san Eoraip, ach i bhfad ó Éirinn agus i bhfad ó shin.

Quiz: Cén aibítir í seo?

i dteagmháil leis na custaiméirí


Tá a fhios ag comhlacht an leictreachais, ag comhlacht an gháis, agus ag comhlacht an uisce anseo i Seattle gur ceart dóibh dul i dteagmháil lena gcustaiméirí nach bhfuil Béarla ar a dtoil acu ina dteanga féin. Ach... cén teanga? Is léir ó na fógraí seo nach bhfuil siad ar aon intinn faoi seo.

Leictreachas



Gás



Uisce


An féidir libh na teangacha uilig a aithint? :-)

03 Lúnasa 2009

bullauns i gCalifornia


Níl an focal bullaun in úsáid abhus anseo, áfach. Bedrock mortars a thugtar orthu sna bólaí seo. Murab ionann agus in Éirinn, níl aon mhistéir ná tuairimíocht ag baint leo.


Seo seanghrianghraf de bhean Indiach ag tuargaint dearcán i mballán. Is iad na mná a dhéanadh an obair, ní na fir. Tá scéal an-ghairid faoi seo, i gKaruk agus i nGaeilge, anseo. Príomhbhia na nIndiach ar fud Chalifornia sa sean-am ba ea an dearcán, agus tá balláin le fáil ar fud na háite dá bharr sin.


02 Lúnasa 2009

bullaun


Foclóir Gaeilge-Béarla (FGB):

ballán¹ 2. Lit: Cup-shaped drinking vessel. 3. (Rock with) cup-shaped hole.

Seo focal Gaeilge ar nós rath (gan an síneadh fada) agus crannog (ditto) a úsáidtear mar shainfhocal i mBéarla anois. Is féidir cuid mhaith eolais ar an rud seo a fháil ach cuardach a dhéanamh (Google nó Bing, mar is mian leat) le bullaun.


Is suimiúil an rud é go raibh spéis ag an bhfoclóirí (lexicographer) Cormac mac Cuilleannáin san fhocal seo níos mó ná míle bliain ó shin. Seo an iontráil in Sanas Cormaic (ó eagrán Khuno Meyer):

167. Ballān .i. bill-īan .i. lestar ḟir t[h]rūaig. Aliter: ballān .i. balloinis [βάλανος] isin grēic, glandis isin latin .i. dircu. Ballān didiu .i. fūath dercon bīss fair. Aliter: bell-īan .i. bell mele, ut dicitur: ‘a nó beill dogní in fer sa’ .i. a nó troich. Ballān didiu īan duine beill .i. duine t[h]rōigh.

167. Ballán i.e. bill-ian (bill= clamh, ian = cupán adhmaid) i.e. leastar fir trua. Nó: ballán i.e. βάλανος (= dearcán) i nGréigis, glandis (glans) i Laidin i.e. dearcán. Ballán mar sin, cruth dearcáin a bhíonns air. Nó: bell-ian i.e. (is ionann) bell (agus) meile (= amadán), mar sin deirtear ‘(is é) an chluas amadáin a dhéanann an fear seo’* i.e. an chluas thruáin. Ballán mar sin ian duine amaidigh i.e. truán.

* Is dócha gurbh ionann “an chluas amadáin” agus “an chluas bhodhar”:

“Is é an chluas bhodhar a thugann an fear seo”, nó “ní éisteann an fear seo le dea-chomhairle”.


Mar is iondúil, thug Cormac níos mó ná míniú amháin dúinn. Síleann scoláirí an lae inniu gur tháinig an focal seo ón bhfréamh Ind-Eorpach *bhel-, a dhéanann tagairt do rudaí atá cruinn nó séidte. Tá sliocht mór ar an bhféamh seo: ball agus bolg i nGaeilge, ball, bowl, boll, bole, belly, bellows i mBéarla, phallos i nGréigis, etc.

01 Lúnasa 2009

mallacht


Seo líne as dán a luaitear le Diarmait mac Cerbaill. Tá sé sa lámhscríbhinn ar a dtugtar Leabhar Laighneach / Leabhar na Nuachongbhála / The Book of Leinster. Is ar éigean go bhfuil sé inléite, mar sin d'imlínigh mé na litreacha go mbeidís níos soiléire:



Bud nenaid cu brath a lucht!

Gura neantóga go brách a mhuintir!

I bhfocail eile, go raibh a theach agus a fhearann fás, gan de neacha beo ann ach neantóga. Pléigh mé an líne seo agus “trí comartha láthrach mallachtan” anseo tamall ó shin. Is é an líne a thagannn ina dhiaidh seo ná “cen tenid ar a primpurt” = “gan tine ar a phríomhphort”, .i. an dún is mó aige a bheith gan tine ar an teallach.