
Tá mé ag léamh an úrscéil El Juego del Ángel le Carlos Ruiz Zafón anois díreach. Tháinig mé trasna ar fhocal ann an lá cheana a phreab den leathanach:
-¿Le parece justo que dos hombres mueran de ese modo?
-¿Un modo menos cruento le parecería más aceptable?
Focal neamhgnách i Spáinnis é “cruento”. Ciallaíonn sé “fuilteach”. Chuir sé “cró” na Gaeilge (“crú” na Sean-Ghaeilge) i gcuimhne dom láithreach bonn. Chuaigh mé caol díreach chuig an tseilf a bhfuil na foclóirí uirthi, ar ndóigh.
Fuair mé scéal sách suimiúil -- don duine a bhfuil spéis aige i dteangeolaíocht stairiúil, ar aon nós -- i measc na leabhar. Tá gaol gar -- gaol fola, is féidir a rá -- idir "cró/crú" agus "cruento" ceart go leor. Tháinig “cruento” ón bhfocal Laidine “cruor”, focal a chiallaíonn “fuil dhoirte”. Tá an bhrí chéanna le “crú/cró” se'againne, .i. “gore”.
Ach ní ón Laidin a fuair muid an focal sin. Is focal ársa Ind-Eorpach é atá le fáil i dteangacha eile freisin, mar atá an Ghréigis “κρέας” (feoil) agus an tSanscrait “krūraḥ” (amh, fuilteach). I measc na dteangacha Ceilteacha, tá “crau” ag na Breatnaigh, cé gur focal seanda anois é, mar atá “cró” i nGaeilge an lae inniu. Díorthadh iad seo uilig ón bhfréamh Ind-Eorpach *kréuh₂ = feoil amh, fuil.
Cé go bhfuil a lán focal eile in úsáid sna teangacha Ind-Eorpacha anois (blood, fuil, sangre, αίμα, gwaed, etc.), tá an focal seo, “cró” agus a ghaolta, níos sine ná na cinn eile. Mar a dúirt Vendryes, “il n'est pas sans intérêt de constater qu'il se rapporte au sang versé au combat ou dans le sacrifice” (“is díol suntais é go bhfuil baint aige seo leis an bhfuil a doirteadh i gcath nó in íobairt”).












