05 Iúil 2009

gobharnóir eile



Ná tit i ngrá, Mark. Greamóidh sé de d'aghaidh.

Mark Sanford bocht. Chaill sé Maria, a rúnsearc Airgintíneach. Agus anois, níl sé ar an gcéad leathanach níos mó, de dheasca gobharnóir eile a bheith ag aistíl (féach thíos). An créatúr.

04 Iúil 2009

02 Iúil 2009

míniú eile ó Chormac



134.  Bō nomen de sono factum suae uocis .i. ainm arna dēnam d'foghar in gotha uodēin.

134.  Bó ainm de fhuaim déanta lena guth .i. ainm arna dhéanamh d'fhoghar a gutha féin.

Níl an ceart ag Cormac, ar ndóigh, ach is deas an míniú é seo mar sin féin, sampla maith de onomatopoeia.  Tá fíor-shanasaíocht an fhocail anseo.

islander3 a rinne an pictiúr.

01 Iúil 2009

Fiacla John Wayne

La Fête du Canada / Canada Day



Má tá éinne i gCanada á léamh seo, beannachtaí an lae ort!

Agus leis an taobh Éireannach de seo a cheiliúradh freisin, seo bon mot a chuirtear i leith Bhreandáin Uí Bheacháin: 

“Chonaic mé fógra a dúirt Drink Canada Dry agus tá mé tar éis tosú air.”