08 Meitheamh 2009

clúsenáir


Rinne an tOileánach Tréigthe tagairt do chabin fever tamall ó shin. Bhíos ag iarraidh focal Gaeilge a aimsiú a chuimseodh an staid sin. Theip orm. Ach tháinig mé ar fhocal breá ársa de thaisme inné: clúsenáir. Mar a deir an iontráil thuas sa Dictionary of the Irish Language, ciallaíonn sé “an enclosed religious, inclusus”. Bhíodh ancairí sa mheánaois a chaith blianta dá saol múrtha isteach ina gcillíní féin, gan teagmháil leis an saol lasmuigh ach amháin trí fhuinneog. Chaith Marianus Scottus, nó Máel Brigte, a bhí beo ó 1028 go 1082, an dara leath dá bhliain ar an Mór-roinn (“peregrinans pro Christo in Gallias”) mar chlúiseanóir (“multis annis inclusus”), in Fulda ar dtús agus ansin i Mainz, dhá áit atá sa Ghearmáin inniu.

Má thuigim an iontráil thuas i gceart, is nóta imill iad na focail seo:

 is oemen dún indiu, a Moel Brigte, clúsenair isin clusail in Magantia 

Is aoibhinn dúinn inniu, a Mhaoil Bríde, a chlúiseanóir, sa chillín i Magantia (.i. Mainz).

Tá mé díreach tar éis “clúiseanóir" a scríobh, ag cur cló na Nua-Ghaeilge ar an bhfocal ársa, ach níl “clúiseanóir" ná aon rud cosúil leis le feiceáil in aon fhoclóir nua-aimseartha, go bhfios dom.

Dála an scéil, cad é an Ghaeilge ar “shut-in”, duine nach dtéann amach de dheasca tinnis nó míchumais?

Bunús litriú na Gaeilge


An bhfuil míniú níos fearr agatsa?  Cé eile a chumfadh focail ar nós “bhfillfidh”?

07 Meitheamh 2009

Sean-Ghaeilge ar an mótarbhealach



Ním·thí bás for fecht,
ro·fírthar mo thecht.

Nár thaga bás dom ar feacht,
go bhfíoraítear mo theacht.

Tá beagán níos mó faoin nguí seo anseo.

06 Meitheamh 2009

ar an bpláta aréir



Rinne mé bia deisceartach (.i. Deisceart Mheiriceá, .i. Dixie) aréir le haghaidh feoilséantóirí. Ithim féin chuile rud, ach bhí cairde ón Taobh Eile chun dinnéir againn aréir. Chuir mé ológa dubha (niçoises) sa chál catach i leaba an bhagúin.  D'fhill mé na prátaí milse i scragall in éineacht le sú líomóide, salann, ola almóinne agus sliseanna líomóide, agus bhácáil mé ar feadh i bhfad iad. Agus rinne mé arán as min bhuí ó Anson Mills (an mhin bhuí is fearr ar domhan), sóid, salann, bláthach, ubh amháin, agus beagán ola.  Cuireann na Yankees plúr agus siúcra ann freisin, ach is ABOMINATION é sin.  Bhí súnna talún agus cáca angel food againn mar mhilseog.

O, agus bhí aoibh mhaith ar an gcomhluadar nuair shuigh muid chun boird, tar éis dúinn tosú le cúpla caipirinha an duine ar an deic. 

do na bleachtairí



Seo é Mike ar an deic díreach tar éis dul faoi na gréine.

1. Cad é an flying saucer sin sa chúlra?

2. Cad é an t-uisce i lár an phictiúir?

3. Cad é an planda (leid: crann i bpota)  taobh le Mike?

4. Cad é an féar ar a thaobh eile?

(Mar is iondúil, is féidir an pictiúr a mhéadú le clic amháin air.)

05 Meitheamh 2009

Seanfhocal


tweet eile ó Mhurchadh Ó Cuindlis



“Ata ingnad and didiu in spideog oc anad rind ocus ar catt hic teithead uainn.”

An cuimhin libh an nóta a bhreac an scríobhaí síos do Dhomhnall faoin spideog? “Tá an spideog dearg uile, agus tá mé i m'aonar.” Is cosúil go bhfuil an t-éan ann fós, murab ionann agus an cat a thóg siad:

“Tá ionadh ann, áfach, an spideog ag fanacht linn agus ár gcat ag teitheadh uainn.”