27 Lúnasa 2011

“Is námhaid í an deoch.”


Cliceéail le méadú.

- Is náma in deog.

- Car do námait.

Sean-Ghaeilge atá á labhairt acu, ar ndóigh.

26 Lúnasa 2011

an aoir a bhris lámha an aorthóra


Assad ag iarraidh marcaíocht ó Qaddafi / Gadafi / Gadhafi / Gaddafi ag é ag teicheadh, le Ali Ferzat:


Is cosúil gurb é seo an cartún a bhris ar fhoighne Assad agus a bhris lámha an chartúnaí cúpla lá ina dhiaidh sin. Tá an scéal ar fud na meán, mar sin ní gá dom é a ríomh arís anseo.



Mo cheol thú, a Ali Ferzat! Guím biseach luath ort agus fad saoil, agus go raibh an gáire deireanach agatsa!

25 Lúnasa 2011

Na Manaigh san Alsáis & sa Lorráin



Tá an Triúr Manach líofa i dteangacha áitiúla na hAlsáise agus na Lorráine anois, a bhuí le Pascal Curin agus a chuid cairde. Is teangacha/canúintí Gearmánacha an chéad dá cheann, agus teanga/canúint Fhrancach an tríú ceann. Is dócha gur canúintí iad, ó nach bhfuil arm ná cabhlach acu, mar a dúirt Max Weinreich:

.אַ שפּראַך איז אַ דיאַלעקט מיט אַן אַרמיי און פֿלאָט
A shprakh iz a dialekt mit an armey un flot.




Maidir leis an triúr manach sa ghreanadh adhmaid thuas, is é Jost Amman a chum iad don leabhar Eygentliche Beschreibung Aller Stände auff Erden a scríobh Hans Sachs agus a foilsíodh sa bhliain 1568. Seo é an téacs, a deir go raibh na manaigh i bhfad níos diaganta fadó (.i. roimh 1568!). Nach mar sin a bhíonn sé i gcónaí? B'fhéidir gur mhaith le hAonghus nó le Fergus Gaeilge a chur ar na línte seo.

Wir Münich vor uralten jarn,
Einsidel und Waldbrüder warn,
Lagen in andechting Gebett,
Mit fasten, wachen, frü und spet,
Hofften dardurch selig zu werdn,
Doch lebn wir jetzt anderß auff Erdn,
Mancherley Orden, Rott und Sect,
Da nicht viel Geistes innen steckt.

promhadh pinn #2



Is minic a fheictear na focail “promhadh pinn” nó “probatio pennae” ar imill ár gcuid lámhscríbhinní. Scríobh mé blagmhír ar an ábhar seo tamall ó shin.

Seo leagan eile den rud céanna - an scríobhaí ag baint trialach as peann nua tar éis dó rinn a ghearradh air - ó Leabhar Ua Maine. An rud is suimiúla faoin sampla seo ná an méid giorrúcháin atá ann:

Fcai- gl-a aᴺso

Féachain gléasa anso

24 Lúnasa 2011

X fíochmhar



Níl réiteach an nóta imill sa bhlagmhír roimhe seo agam fós, faraor. Mar sin féin, seo rud éigin álainn daoibh as an leabhar céanna: ceannlitir ornáideach a tharraing Faolán mac a’ Ghabainn na Scéal (✝ 1423), duine de scríobhaithe an leabhair. Bhí lámh an-álainn ag Faolán agus is léir ón gceannlitir seo gurbh ealaíontóir cumasach a bhí ann freisin.

Maidir leis an litir seo, is X í, i riocht seabhaic nó iolair (nó gríbhe?), an chéad litir sa nod XPS a sheasann do XPIΣTOΣ / CHRISTOS. Ginealach Íosa a thagann ina dhiaidh seo.

Seo ceannlitir iontach eile dá chuid:


22 Lúnasa 2011

An féidir libh é seo a thuiscint?


Seo nóta imill a d'fhág scríobhaí éigin ag barr leathanach 129r sa lámhscríbhinn D ii 1 (Leahbar Ua Maine) atá anois i leabharlann Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá na litreacha an-soiléir agus is féidir liom an téacs a scríobh amach gan dua, ach ní thuigim ach cuid de. Céard atá mo dhuine ag rá?




Cliceáil le méadú.
Nod libh go ndéanann an téacs rádal ó íomhá go híomhá.

Ata amar againne dõ loirg sin bis fad
racaibh na bith na õg ag aibhsi
macais is cais ra* aghaidh

* nó “sa”?

Is dóigh liom gu seasann “dõ” do “do na”. Ní féidir liom “õg” a scaoileadh fós. Is dóigh liom gurb ionann “fad racaibh” agus “faoi do rácaibh”. Tá cúpla smaoineamh eile agam, ach ba mhaith liom an téacs a chur faoi bhur mbráid díreach mar atá sé ar dtús.

Aguisín:

amar

1) amhar = amhrán
2) ámhar = ámharach

na õg

= na n-óg (?)

ag aibhsi

1) aidbse = some kind of singing or chanting; “aidbsi dano ainm in chiúil nó in chronáin dognítis irmor fer nErenn in tan sin” (DIL s.v. “aidbse”)

2) aidbsiu = relating, reciting, setting forth; showiness, ostentation (DIL s.v. “aidbsiu”)

3) aidbsiugad = increasing, magnifying, exagerating (DIL s.v. “aidbsigid”)

4) aibsigh = enlarge (on); emphasize (FGB)

20 Lúnasa 2011

Chuir Zeus an Pápa ina thost.


ISTIC EST IS IUPITER QUEM DICO
QUEM GRAECI VOCANT AEREM
QUI VENTUS EST ET NUBES
IMBER POSTEA


Is é seo Iupiter atá mé a rá
a dtugann Gréagaigh aer air
atá ina ghaoth is ina scamaill
agus ansin ina bháisteach.


(Reuters) Thug greadadh báistí ar an bPápa éirí as óráit a bhí le tabhairt aige do na céadta míle daoine óga a bhí bailithe le chéile ag aeradróm lasmuigh de Mhaidrid Dé Sathairn.