
Bhí na rothaithe lomnochta péinteáilte againn anseo i Seattle ar dtús. Tá flight attendants lomnochta péinteáilte ag Air New Zealand anois. Cá bhfuair siad an smaoineamh, eh?
An seanchas gearr, an seanchas is fearr.



Seo agaibh an chéad iontráil eile. Mar is iondúil sa chnuasach seo, cuirtear níos mó ná míniú amháin faoi bhráid an léitheora. Tá cúpla focal i Laidin ann freisin, rud eile atá an-choitianta. Is seoraí cainte iad na blúirí Laidine seo den chuid is mó.
Chuir nóta tráchta ó Aonghus faoi oróit arís, thíos, ag smaoineamh mé. Bhí mé faoi dhraíocht ag bratacha úrnaí na mBúdaithe Tibéadach tráth den saol. Rinne mé an ceann seo faoina n-anáil, bíodh is nach bhfuil sé an-chosúil leo dáiríre. Anois, tá mé ag smaoineamh gur cheart dom bratach úrnaí nua a dhéanamh leis na focail Shean-Ghaeilge Oróit do Chách scríofa uirthi. Bloc líonóile agus priontáil ar éadach atá i gceist agam.






Agus anois, le ró-dhuairceas a sheachnadh, seo scéal grinn a thaitin liom riamh:
Tháinig Séimí abhaile ón scoil tráthnóna amháin agus dúirt a athair leis,
- Conas a bhí do lá? Cad a rinne tú ar scoil inniu?
- Bhí díospóireacht againn faoin gcosúlacht atá ar Dhia.
- Agus ar tháinig sibh go conclúid ar bith?
- Níor tháinig. Bhí na buachaillí ag rá go bhfuil Dia ina fhear, ach dúirt na cailíní uilig gur bean Dia. Dúirt na gasúir bhána go bhfuil Dia bán, agus dúirt na gasúir ghorma go bhuil Dia gorm.
- Bhuel, a Shéimí, cuir i gcás nach bhfuil Dia fireann ná baineann, bán ná gorm...
- A Dhaid! An bhfuil tú ag rá liom gurb é Michael Jackson Dia?!





... caithfidh mé an Troll a chur in aithne daoibh. Tá sé ina chónaí faoi dhroichead i Fremont. Sea, is Volkswagon é sin ina ghlac, agus is mise an duine a bhfuil a thaca leis. Mo chara Silver, atá ar ais i dTallinn anois, an duine eile.

Tá a fhios agaibh go bhfuil spéis agam i bhfocail ar phár. Céard atá i bpár ach craiceann? Is féidir Gaeilge, in éindí len a lán teangacha eile, a fháil ar chraiceann beo anois freisin. Is minic nach mbíonn ach focal nó dhó le feiceáil. Uaireanta cuireann duine abairt iomlán ar bhall dá c(h)orp. Ní fhaca mé téacs níos faide ná sin i nGaeilge -- dán nó scéilín, cuir i gcás -- go fóill, ach ní bheadh ionadh orm dá mbeadh a leithéid ann cheana! Tá sé ar intinn agam samplaí d'fhocail ar chraiceann a thabhairt daoibh anseo ó am go chéile.





