14 Meán Fómhair 2019

Brexit: scéal grinn


Bhí scata good ol’ boys (GOBs) ag seilg an racúin oíche amháin lena gcuid con. Rith na cúnna rompa gur thimpeallaigh siad crann ard dosach, agus iad ag tafann in ard a gcinn. Bhí na GOBs cinnte go raibh racún acu thuas ansin, cé nach raibh sé le feiceáil sa duilliúr. Dhreap Jake, an duine ab aclaí agus is dúire acu, an crann leis an racún a leagadh. Chuaigh sé suas as radhrac sa chrann. Roimh i bhfad chuala siad raic ollmhór thuas ansin, le chuile bhéicíl is screadach is drannach. “Ní racún é seo, ach bobchat!” a scréach Jake. “Scaoil é! Scaoil é!”
“Ní féidir linn é a scaoileadh! Is féidir go mbuailfidh muid thusa!”
Lean an clampar agus an bhéicíl ar aghaidh, níos fíochmhaire ná riamh.
“Scaoil é, a deirim! Scaoil é!!”
“Ní féidir linn!”
“Is cuma! Scaoil!! Tá faoiseamh ag teastáil ón mbeirt againn!”

contráth / cróntráth




Níos mó méimeanna





11 Lúnasa 2019

"fearacht"


I nGaeilge an lae inniu "ar nós X, ar chuma X, cosúil le X" an chiall atá le "fearacht X". An bhfuil an focal "fear = man" le brath ann?  Má tá sé ann, céard a tharla dó? Tá an míniú le fáil sa rud a dtugtar semantic drift air. Is féidir na céimeanna in éabhlóid an fhocail a leanúint leis an scéal a thuiscint. Seo iad.

1. Is ionann "fearachd" agus feat of manhood; power, strength; manliness i nGaeilge na hAlban dar leis an bhfoclóir Dwelly.  Tá go maith. Tá "fear" i lár an aonaigh san fhocal sin fós.

2. In Éirinn is cosúil gur bhog brí an fhocail beagán i ré na Nua-Ghaeilge Clasaicí ó feat of manhood go manly endeavour, agus ansin go scil nó obair a bhfuil cleachtadh ag teastáil uaithi. An chiall atá le "fearacht" in DIL ná the use or practice. Na samplaí a thugtar ann ná "fearacht dána" (.i. filíocht), "fearacht coille" (.i. ceithearnas, meirleachas), agus "fearacht eich" (.i. marcachas).j 

3. Sa 18ú haois tarlaíonn níos mó drift ar an bhfocal, ó chleachtadh scile go dtí an rud a dhéanann duine go minic nó go nádúrtha. Tá samplaí ar nós "fearacht Iúdas" le fáil faoin am sin, leis an gciall "an rud a rinne Iúdas". Bhí daoine in ann "fearacht Iúdas" a thuiscint freisin mar "iompar Iúdais", agus ba bheag an chéim ansin go "ar chuma Iúdais". Ina dhiaidh sin faightear samplaí ar nós "fearacht muintire Canann" agus "fearacht na mbuachall", agus mar sin de. Faoi thús an 20ú haois, úsáidtear "fearacht" le háiteanna chomh maith le daoine: "fearacht gach uile bhaile eile".

09 Meitheamh 2019

Jócanna Daid


- Céard atá gorm agus ina luí faoi bheacán? 
- Cac Smurf. 

- A dhaid, ar uchtaíodh mé? 
- Ní go fóill. Níl suim ag éinne ionat. 

- An bhfuil a fhios agat cén fáth nach féidir mé a chur i reilig?
- Níl. 
- Toisc go bhfuil mé beo fós. 

- Cé mhéad úll a fhásann ar chrann? 
- Iad uilig. 

“Get down!” a deireadh cosantóirí uachtarán SAM dá mbeadh sé i mbaol ó ghunnadóir. 
“Donald, duck!” a déarfaidís anois. 

Bean an scipéid: An gcuirfidh mé an bheoir i mála? 
Daid: Is fearr liom i mbuidéil í. 

- Cé acu ceann a tháinig ar dtús, an cearc nó an ubh? 
- D’ordaigh mé cearc agus ubh ó Amazon. Beidh a fhios againn go luath! 

- Cé mhéad níos faide atá an Amasóin ná an Níl?  
- Ceithre litir. 

- Cár cheannaigh Captain Hook a chrúca? 
- Sa siopa athláimhe. 

- Céard a thosaíonn le C agus a chríochnaíonn le H agus níl ach litir amháin ann? 
- Clúdach. 

- Cén chaoi a mbreathnaím, a Dhaid?
- Le do shúile, a chroí.


- Bhris mé mo chos i dtrí áit. 
- Ná téigh go dtí na háiteanna sin arís!



03 Márta 2019