
Ora, a dhiabhal, preab san ól
5 days ago
An seanchas gearr, an seanchas is fearr.


Agus seo teanga eile a bhfuil cló i ngnáthúsáid aici atá níos Iartharaí, nó níos nua-aimseartha ar aon nós, ná an cló seanbhunaithe. Manoptica an t-ainm atá air. Seo é an focal Manoptica sa chló féin agus ansin sa chló iondúil. An litir atá cosúil le u, is /n/ í, agus an ceann atá cosúil le u droim ar ais, is /m/ í.Tóg ceann an téadáin i do láimh dheas agus an ceann eile i do láimh chlé. Cuir an ceann deas trasna ar an gceann clé, ansin faoi, ansin trasna air arís, le snaidhm shimplí a dhéanamh, ach ná tarraing go mbeidh sí dúnta ar fad. Beidh O agat anois, agus dhá cheann an téadáin ag gobadh amach ó bharr an O.Déan snaidhm scaoilte eile anois, os cionn an O atá agat cheana. Tosóidh tú an uair seo leis an téadán atá ag gobadh amach ar thaobh na láimhe clé, á chur trasna ar an gceann eile, ansin faoi agus ansin trasna air arís. Beidh 8 agat anois ar an mbord os do chomhair.
Tóg an téadán atá ag gobadh amach ar an taobh deas anois. Tarraing an téadán seo síos tríd an O íochtarach agus amach faoi.Coinnigh greim air agus cuir tríd an O uachtarach anois é. Tá an tsnaidhm déanta agat.Anois, beir ar dhá cheann an téadáin agus tarraing. Má rinne tú an tsnaidhm i gceart, scaoilfear go héasca is go hiomlán í.

















