
Tá drioglann in Albain ag déanamh biotáille Ghinéive (aka gin) anois.  Bhaist siad Caorunn uirthi.  Is cosúil go mbaintear úsáid as caora caorthainn le blas a chur uirthi, i measc luibheanna eile.  “Caorunn” an leagan Gàidhlig den fhocal Gaeilge “caorthann”.  Scríobhtar mar sin é i bhfoclóir Dwelly, cé gur “caorann” an litriú nua.  Tá go maith.
Ach nuair a léigh mé faoin gin seo i nuachtán inné (ní cuimhin liom cén ceann), dúradh liom gur chóir dom ka-ROON a rá.  Thit mo chroí.  /k‘ʎːrən/a deirtear i nGaeilge na hAlban, ar ndóigh, leis an mbéim ar an gcéad siolla agus an guta sin cosúil le “eu” na Fraincise.
Is dócha gur saghas “tá dea-scéal agam agus droch-scéal” atá againn anseo.  Bhain siad úsáid as focal Gaelach, an focal ceart, agus scríobh siad i gceart é.  Ach mhill siad an fuaimniú go huile is go hiomlán.  *osna*
 

Ní bheadh na Gaill bhochta in ann é ordú gan simplí dóibh! Agus sin an chloch is mó ar phaidrín aos margaíochta. Ach ní fada uainn Sam Hain. Beidh díoltas ag sprid na nGael! ;-)
ReplyDeleteFíor duit. Agus dh’atharraich iad ainm an “Aonach Mór Ski Lift” go “Nevis Range Ski Lift”, de bharr nach dtiocfadh leis na Sasanaigh an focal “Aonach” a rá.
ReplyDeleteAgus má bhíonn sé de dhásacht ag aon duine "caorunn" a rá (mar atá an fuaimniú ceart a úsáid), bí cinnte de go mbeidh duine eile ann len é a cheartú! Ka-roooooon!!
ReplyDeleteosna go deo
ReplyDelete