Seo nóta imill eile as an lámhscríbhinn Dii 1 (Acadamh Ríoga na hÉireann). Tá súil agam go mbeidh duine éigin in ann dhá fhocal sa nóta seo a scríobhadh le noda a aithint.  Tá mé á chur seo faoi bhráid bhallra Old-Irish-L freisin.
NB:  A bhuí le Neil McLeod, atá ina bhall den liosta Old-Irish-L, tá tuiscint níos fearr agam ar an téacs seo.  Mhínigh sé nach é an spiritus asper (ponc, i bhfocail eile) atá os cionn na litreach ‘t’ ach ‘u’ beag.  Nuair atá guta ina sheasamh os cionn consain, is féidir an litir sin a léamh mar ‘r-guta’ nó mar ‘guta-r’.  Sa chás séard atá againn ná “truaigh”.
Tá an riail seo fíor i gcás na litreach ‘c’ a bhfuil an guta ‘e’ scríofa os a cionn.  Ba cheart é a léamh mar “na cré”.

uċ atruaig aḟetal maiṫ nadein uaill
uch a truaigh a fhetal maith nā dein uaill
atainic romad at-id nacre
atāinic romhad atáid na cré
Is dócha gurb ionann “a fhetal” agus “a eudail = a thaisce, my darling” i nGaeilge na hAlban.  Nod libh go bhfuil an focal “éadáil = brabach, creach, saibhreas” againn fós i nGaeilge na hÉireann. 
Is féidir “na cré” a thuiscint mar “ina gcré”.  Maidir le “beir sí” nó “bheir sí”, feictear dom gurb í an chré atá i gceist.


 

No comments:
Post a Comment