D'eitil leathchéad misteach agus raibithe eile os cionn Israel Dé Máirt, ag úrnaí go dian leis an víreas H1N1 a chloí sa tír sin. Bhain siad úsáid as adharcanna i measc rudaí eile lena n-aidhm a chur i gcrích. אױ װײ.
Féile Pan Cheilteach 2025 - An Gearrliosta
1 week ago
Cheapfá go mbeadh Giúdaigh cheartchreidmheacha slán ó fliú na muc!
ReplyDeleteSin ráite, táim ag ceapadh go bhfuil an modh seo ar a laghad chomh heifeachtach céanna le roinnt de na rudaí eile atá ar bun chun cosc a chuir ar an bplá seo.
Cabhraíonn Dia leo siúd a thugann aire dóibh féin, tar éis an tsaoil.
Un az der Rebbe niesst.....
Tá rud deas amháin ag fliú na muc.
ReplyDeleteDe réir Roinnt na Sláinte Phoiblí, ní minic a thugann sé faoi dhaoine atá níos mó ná caoga bliana d'aois.
Rud maith a bheith sean, sa chás seo.
Seo chugaibh na huimhreacha, má tá suim agaibh ann. Tá graf maith i lár an leathanaigh.
http://www.cdc.gov/h1n1flu/surveillanceqa.htm
Chonaic mé rud éigin mar sin ar an nuachtán cúpla lá ó shin.
ReplyDeleteDála an scéil, ar thug tú faoi deara an fear óg gorm sa phictiúr? Tá spéaclaí gréine ar a cheann in áit kippah, más maith mo radharc. Ní mé céard a bhí ar siúl aige ar an eitleán sin?!
ReplyDeleteD'fhan na mná sa bhaile, is cosúil.
ReplyDelete