10 Márta 2021
25 Meán Fómhair 2020
Ab Dhroimeanaigh a bhí ina fhear agus ansin ina bhean
Bhí óglach ann fadó. Is i nDroimeanach a bhí cónaí air agus bhí sé ina ab. Tar éis dó fleá mhór a ullmhú leis an gCáisc a chomóradh, chuaigh sé amach as an halla agus shuigh sé síos ar chnoc ard aoibhinn a bhí os cionn an bhaile.
Ab galánta a bhí ann. Bhí hata faiseanta lín ar a cheann agus bhí léine den sról ríoga lena chneas geal. Bhí ionar álainn air, agus brat scarlóide ag clupaideach ina thimpeall. Bhí claíomh órdhoirn ina láimh aige.
Tháinig tuirse air go tobann ar an tulach sin. Chuir sé a uillinn faoina cheann thit ina chodladh.
Tar éis dó múscailt as a néal, chuir sé a lámh ar a chlaíomh. Ach ní bhfuair sé ansin ach arm mná .i. coigeal. Agus bhí léine air go talamh agus séard a bhí ar a cheann ná folt fada forórga. Nuair a thug sé a lámh thar a aghaidh ní bhfuair sé féasóg uirthi, agus nuair a chuir sé a lámh idir a shliasta fuair sé comhartha bandachta ansin.
Níor chreid an t-óglach na comharthaí éagsúla sin. Ba dhóigh leis gur imríodh draíocht air.
Ansin tháinig bean mhór thar bráid. Arracht foltliath a bhí inti agus í gléasta in éidí urghránna. “Céard seo?” a dúirt sí leis. “Iníon mhín mhongbhuí mar thusa i d'aonar ar an tulach seo i bhfeascar an lae agus i mbéal na hoíche?”
Bhí mo dhuine dubhach deorach dobrónach ansin agus dúirt, “Níl a fhios agam cá rachaidh mé nó céard a dhéanfaidh mé. Má théim chuig mo theach ní bheidh aithne ag mo mhuintir orm agus má imím, tá an saol contúirteach do bhean ina haonar. Mar sin féin, is fearr dom dul ar fán go dtí go mbéarfaidh Dia orm, óir is eisean a shaobh mo chruth agus mo dheilbh agus a chuir in éagruth agus in ainriocht mé. Ach cé gur athraigh sé mo chruth, tugaim mo bhriathar i bhfianaise an Dúilimh nár chroch mé aon duine riamh, agus nár fheall mé ar aon duine, agus nár sháraigh mé clog ná mionn ná bachall, agus nár chráigh mé cill. Ní dúirt mé olc le neach ar bith, agus ní dheachaigh aoi ar bith díomách ó mo theach riamh."
Ansin d’éirigh sí ón tulach sin. Lig sí uaill chaointe agus dúirt, “Is trua nár shlog talamh na tulaí mé, óir níl a fhios agam cá rachaidh mé ná céard a dhéanfaidh mé.” D’imigh sí roimpi ansin le fána an chnoic siar go dtí faichí Chromghlinne, cill nach raibh i bhfad ar shiúl.
Casadh óglalch mór míleata uirthi ar fhaiche an bhaile sin agus thug sé grá díochra di ar an toirt. Tar éis dóibh luí le chéile d’fhiafraigh an t-óglach den iníon cá has di agus cé hí féin. Dúirt sí leis nach bhfaigheadh sé an fios sin uaithi is cuma cé chomh fada a bheadh siad le chéile.
“Cuirfidh mise mé féin in aithne duit," a dúirt an t-óglach. "Is mise aircheannach na cille seo a bhfuil Cromghlinn mar ainm uirthi. Fuair mo bhean bás dhá bhliain ó shin. Beidh tusa i mo bhean chéile anois."
Ansin chuaigh siad le chéile go dtí teach an airchinnigh agus d’fhear muintir an tí fáilte agus fiche roimpi. Bhí sí seacht mbliana aige ina bhean chéile, agus rug sí mórsheisear clainne dó i rith an ama sin.
Lá amháin tháinig teachta chun an airchinnigh ó chomhthionól Dhroimeanaigh le cuireadh a thabhairt dó ar fhéasta na Cásca. Chuaigh sise in éindí leis an airchinneach chomh fada leis an gcnoc ar saobhadh a cruth uirthi. Thit a codladh uirthi ansin. Chuaigh an t-airchinneach agus a mhuintir ar aghaidh chun na cille.
Nuair a dhúisigh an iníon is amhlaidh a bhí sé ina fhear arís, sa riocht céanna ina raibh sé roimhe sin. Fuair sé a chlaíomh ar a ghlúin agus dúirt sé “A Dhia, is mór an mhairg atá orm!” Chuaigh sé, ag síleadh na ndeor, go dtí a chéad áras. Nuair a chonaic a bhean é dúirt sí leis, “Is ró-fhada atá tú ar iarraidh ó do theach.”
Bhí daoine cruinn sa teach leanna faoin am sin. Insíodh an scéal mór iontach sin dóibh. Níor chreid siad an scéal ar dtús mar dúirt bean an aba nach raibh sé ina heasnamh ach aon lá amháin. Faoi dheireadh, tar éis an iomad comharthaí éagsúla a thabhairt, creideadh scéal an aba agus rugadh breith eatarthu, idir é féin agus an t-airchinneach. Is é an bhreith a tugadh ná an seachtar clainne a roinnt eatarthu, leath is leath. Maidir leis an an mac breise, tugadh ar altram don airchinneach é. Is mar sin a scar siad lena chéile.
06 Meán Fómhair 2020
Niall Frossach agus Athair an Mhic
Tá an scéilín seo le fáil sa lámhscríbhinn Leabhar Laighneach, folio 273b, sa scéal faoi Niall Frossach.
Nuair a bhí siad ansin tháinig bean chuig an rí agus maicín ina baclainn aici, agus chuir sí in ucht an rí é.
“Dar do ríogacht agus dar do fhlaithiúnas,” arsa sise, “faigh amach trí fhíor do fhlaithe cé hé athair an mhic seo, óir níl a fhios agamsa. Tugaim mionn agus móid, romhatsa agus roimh Dhia, nach raibh caidreamh collaí agam le fear ar bith leis na blianta.”
Bhí an rí in thost ansin.
“An ndearna tú lánúnas reabhraidh le bean eile?” arsa an rí. “Agus ná ceil é má rinne.”
“Ní cheilfidh mé. Rinne,” arsa sise.
“Is fíor,” arsa an rí. “Bhuail an bhean sin craiceann le fear roimhe sin agus an síol a d’fhág sé aici, chuaigh sé isteach i do bhroinn leis an gcomhchuimilt, agus d’éirigh tú torrach. Is é sin athair do mhic. Faightear amach cé hé."
23 Lúnasa 2020
Scaoil
Rún. 🤫
Fadhb. 🧐
Snaidhm. 🎀
Sciatháin. 🦅
Seol. ⛵️
Broim. 💨
09 Lúnasa 2020
Tao Te Ching 69
用兵有言:吾不敢為主,而為客;不敢進寸,而退尺。
27 Iúil 2020
Seanbheag / Senbecc
Lá amháin bhí Cú Chulainn le taobh na Bóinne ina charbad. Bhí Lao mac Rianghabhra in éindí leis agus bhí sé ag déanamh chleas an naonúir, ag marbh na mbradán i Linn Feic. Chonaic siad fear beag in éadach corcra, agus é ina shuí i mbáidín cré-umha a bhí ag snámh gan iomramh. Thóg Cú Chulainn an báidín ina láimh agus an firín ann.
“Tá tú agam,” arsa Cú Chulainn.
“Is dócha,” ar seisean. “Tabharfaidh mé mo bhrat agus mo léine, a bhfuil buanna ar leith acu, duit mar luach fuascailte. Oireann siad do chuile dhuine, is cuma beag nó mór é. Ní féidir an duine a bhfuil siad air a bhá nó a dhó. Ní thiocfaidh meath orthu, ná ar an té a bhfuil siad air, agus beidh cibé dath is mian leis orthu."
“Tá siad agam cheana fein,” arsa Cú Chulainn.
“Tóg leat mo sciath agus mo shleá agus ní gheobhaidh éinne an bua ort agus ní ghortófar thú chomh fada agus a bheas an sciath agat mar chosaint."
“Is liomsa iad,” arsa Cú Chulainn. “Tá siad ar chroí mo bhoise."
“Tá tú ag tromaíocht orm,” arsa Seanbheag.
“Cén rud é sin agat?” arsa Cú Chulainn.
“Cláirseach bheag,” arsa Seanbheag. “An seinnfidh mé duitse í?”
“Ba mhaith liom sin,” arsa Cú Chulainn.
Chuir sé a mhéara thar na téada agus bhí Cú Chulainn ag caoineadh leis an ngoltraí. Sheinn sé geantraí ansin agus bhí Cú Chulainn ag gáire le lúcháir. Sheinn sé suantraí agus thit codladh trom ar Chú Chulainn. Chuaidh Seanbheag abhaile agus níor fágadh faic ag Cú Chulainn.