06 Deireadh Fómhair 2010

focal deas gonta eile...


... nach bhfuil againn níos mó:


Is de dia·tá Cluain Carpat forsin dú sin
Is dá bhrí sin atá Cluain Carbad ar an áit sin
(LL 69b)

Is ionann “dú” agus “áit” nó “ionad”, mar atá soiléir ón abairt thuas sa Táin a mhíníonn an logainm Cluain Carbad. Tá “dú” le fáil sna Gluaiseanna Würzburg (ca. 750 AD), cuid de na téacsanna Sean-Ghaeilge is luaithe dá bhfuil againn. Bhí “dú” beo fós 650 bliain níos déanaí sa Leabhar Breac:

co dú i mbatar sruthi
chuig áit ina raibh sruithe
(LB, lch. 2)

Is focal simplí gonta é “dú”, ach ní mar sin a thosaigh sé, thiar i ré na hInd-Eorpaise. Tháinig “dú” ó *dʰeĝʰōm.

“Talamh” an chiall atá le *dʰeĝʰōm. D'athraigh an chiall seo de réir a chéile ó "talamh” go “píosa talún” go “áit ar an talamh” go “áit” le linn réamhstair na Gaeilge. Ní gá a rá gur athraigh cruth an fhocail go mór freisin. Tá col ceathracha ag “dú” i dteangacha Ind-Eorpacha eile, mar áta “χθών” i nGréigis (cf. “chthonic” i mBéarla).

Níos fearr fós, tá col ceathar ag “dú” i dteanga an lae inniu, focal atá beo beathach agus nach bhfuil i mbaol a bháis ar chor ar bith, focal a tháinig ó *dʰĝʰomios, focal Ind-Eorpaise a chiallaíonn “talmhaí”: duine.

05 Deireadh Fómhair 2010

“Na Seacht gCineál Meisce”


le Pádraig Ó Siadhail

Ar léigh éinne agaibh an leabhar seo? Léirmheas?

04 Deireadh Fómhair 2010

ó thornapa go puimcín...


... nó, coincheap a fuair meán a dhiongbhála san Oileán Úr




Tá draíocht ar leith ag baint le lasair sa dorchadas, ó choinneal go tine chnámh. Ba dearthóir ardéirime an chéad duine (an chéad Ghael?) a smaoinigh ar aibhleog a chur isteach i dtornapa a raibh aghaidh gearrtha ann. Ach is beag an canbhás é an tornapa don ealaíontóir. Ní raibh bláthú i ndán don ealaín seo go dtí gur casadh an lasair ar an bpuimcín!

03 Deireadh Fómhair 2010

focal maith


LS Rawl. B 502, fo. 56r sa Leabharlann Bodleian, Oxford

Leabhar na hUidhre, lch. 7 (LS 23 E 25, Acadamh Ríoga na hÉireann)

Fó ainm do maith is do míad

Fó, ainmfhocal a chiallaíonn maith is miadh
(agus is ionann miadh agus gradam, onóir)

Faightear “fó” agus “fí” le chéile sna sanasáin mheadaracha (metrical glossaries) sna lámhscríbhinní. Níor baineadh mórán úsáide as “fí” riamh, ach bhí rath ar “fó” sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge sula ndeachaigh sé as faisean.

Seo cúpla sampla. Scríobhadh an chéad cheann i lár an ochtú haois (Gluaiseanna Würzburg). Tá an chéad dá cheann eile ón naoú haois (Tecosca Cormaic). Tá an ceann deireanach ó In Cath Catharda, téacs Meán-Ghaeilge.

Is fo lium cia rafesid. = Is maith liom go mbeidh a fhios agaibh.

Cid as fó dam? = Cad is maith dom?

Fó cach tan teine. = Tá tine go maith am ar bith.

Ba fó leis a b[h]ádhadh féin acht co mbáidhedh a námhait leis.

Focal deas gonta é “fó”. Tá iarracht de bhrón orm nach bhfuil sé beo fós.

02 Deireadh Fómhair 2010

an fhéile idirnáisiúnta ar chuir na Gaeil tús léi


sa tSeapáin


i Nua-Eabhrac


sa sean-am

Comhaireamh síos go hOíche Shamhna: 29 oíche!

01 Deireadh Fómhair 2010

fáinne fí




Cé a chum an téarma seo?

Ciorcal lochtach a thugann de Bhaldraithe, FGB (Ó Dónaill) agus Collins ar vicious circle (cé go bhfuil fáinne lochtach ag Collins freisin). Tá ciorcal lochtach ar an idirlíon freisin, ach ní fiú mórán a lán de na samplaí ansin. (Dála an scéil, defective circle an chiall a bhainim féin as, .i. ciorcal nach bhfuil foirfe.)

Fáinne fí atá ag focal.ie agus Pota Focal araon ar vicious circle, agus tá an leagan seo le fáil ar fud an idirlín. Is cosúil gur téarma réasúnta nua é. An chéad sampla de a fuair mé ar scáileán mo ríomhaire ná an ceann seo ó Dhíospóireachtaí Dála, 16 Samhain, 2000. Éamon Ó Cuív a bhí ag caint:

“Cén chaoi is féidir linn an fáinne fí a bhí ann ariamh maidir leis an Ghaeilge a bhriseadh, sé sin an fáinne fí go bhfoghlaimíonn go leor daoine an Ghaeilge sa scoil, bíonn ard-chumas sa teanga acu ag fágáil na scoile dóibh agus deich mbliana i ndiaidh sin ceal úsáide bíonn an teanga dearmadtha acu.”

Is breá liom an téarma seo agus is breá liom an dóigh ar glacadh leis go forleathan agus go sciobtha. Tá an chéad fhocal soiléir. Ach cad as don dara focal? Ní féidir gurb é an t-ainm briathar figh = weave) atá ann - go gramadúil ar aon nós - toisc go mbeadh an ginideach fite ag teastáil ar lorg fáinne.

Ach tá eile ann. Nó bhíodh sé ann. Focal ársa fileata atá i gceist agam, focal a bhí sa tSean-Ghaeilge. Venom, poison, evil an chiall atá leis. Mínítear é i Leabhar na hUidhre: Fí ainm d'ulc & d'anríad. Is ionann ulc agus olc, ar ndóigh, agus is ionann ainríad agus drochiompar. An é seo an atá againn in fáinne fí?

Chseoin



Seo rann greannmhar ón ochtú haois déag (An Coláiste Ollscoil, BÁC: LS A33, lch. 108) a bhfuil litriú an-suimiúil ar fhocal amháin: Chseoin in áit Sheoin.

An bríste sin Chseoin, ní hiongna a bheith fann;
bíon san lá air a thóin, & san oídhche air a cheann.

Tá loighic leis an litriú Chseoin, bíodh is go bhfuil sé sách aisteach. Míniú ag éinne?