15 Meitheamh 2009

“Ar thug sibh faoi deara...


... go bhfuil mé an-fhada?”

boladh na ndeor

“An bhfuil a fhios agat go bhfuil boladh as deora?” a d'fhiafraigh mo chara Phil díom inniu. Is síceolaí é Phil. Bhíomar ag siúl ó A go B, ag caint le chéile go macánta cneasta ar dheacrachtaí an tsaoil. “An bhfuil?!” a d'fhreagair mé. “Tá," a dúirt sé.  “Is minic a bhriseann na deora ar chliant le linn dó nó di a scéal a insint.  Tá sainbholadh san oifig ina dhiaidh sin.” 

14 Meitheamh 2009

Níor thuit sé i gcac na nGall ar aon chuma.


Tá nóta imill eile agam daoibh, ó scríobhaí eile. 

Rinne mé tagairt cheana do Mháel Brigte (Marianus Scotus), inclususclúsenáir thall sa Ghearmáin a fuair bás sa bhliain 1082. Scríobh sé Chronicon i Laidin, stair an domhain ón gCruthú anuas go dtí an bhliain ina bhfuair sé bás.

Is cosúil go raibh amanuensis aige a bhreac síos an téacs mar a dheachtaigh Máel Brigte é. D'fhág an scríobhaí seo cúpla nóta imill sa leabhar sin (Codex Palatino-Vaticanus No. 830) atá an-spéisiúil. Seo agaibh ceann acu, a thosaíonn i nGaeilge agus a chríochnaíonn i Laidin. Le Máel Brigte féin atá an fear óg (?) seo caint anseo:

Is oemenn dún indiu, á Mél Brigte clûsenáir, Dia mairt .ii. kl. Aug., mani derntais scolôca manestrech Maurittii braflacc damsa for lêbunn in tige coittcenn ut cecidi cum tabulis in fundo stercoris. Sed gratias ago nec mersus sum in stercore francorum. Sed tamen oro discentes ut dent maledictionem illis.  [Brian Ó Cuív a chur in eagar.]

Is aoibhinn dúinn inniu, a Mhaoil Bríde, a chlúiseanóir, Dé Máirt,  31 Iúil, murab é go ndearna scológa (scoláirí?) mhainistir Mauritius brathlang dom ar léibheann an tí choitinn gur thit mé leis na cláir isteach sa chac.  Ach tá mé buíoch nach i gcac na nGall a tumadh mé.  Ach impím ar na múinteoirí mallacht a chur orthu.

12 Meitheamh 2009

Murchad 7 Domnall



“7 ata mo shesse oc ruamar”


Is dócha gur cuimhin libh an nóta imill seo a d'fhág Murchadh Ó Cuindlis sa Leabhar Breac: 

“Ata in spideog derg uli, a Domnaill, ocus atusa am oenur.”

Tá an spideog dearg uile, a Dhomhnaill, agus táimse im aonar.

Scríobh sé nótaí imill eile a bhfuil tagairt do Dhomhnall iontu:

“Ata in dub ag leagad 7 ata Domnall sa galar farír.”  

Tá an dúch i ngar do bheith ídithe agus tá Domhnall tinn,  faraoir.

“Dorignes in timroscc cétnai, a Domnaill.”

Rinne mé an dearmad céanna, a Dhomhnaill.

“Satharnd indiu a mís Márta ocus ata mo shesse oc ruamar acas mé buden oc scribend.”

Satharn inniu i mí Márta agus tá mo sheise ag rómhar agus mé féin ag scríobh.

Cé nach n-ainmnítear a sheise (comrádaí) sa nóta seo, is rí-dhócha gurb é Domhnall atá i gceist anseo freisin. Agus nuair a scríobh Murchadh “ar catt hic teithead uainn” agus “gan dar mainib" is dócha go bhfuil an focal “ar” (= ár) ag tagairt dó féin agus dá chomrádaí. Is léir go raibh Murchadh an-cheanúil ar Dhomhnall.

11 Meitheamh 2009

An ceann is éifeachtaí?




Ó Yosemite, Golan Heights, agus New Mexico iad seo faoi seach.  Cé acu ceann a choinneodh ar an tslí thusa?  

An íosfá é seo?



Cad as dó?  (OK, is as ollmhargadh in Seattle é; tír a dhúchais atá i gceist agam)

Céard atá ann?

Cén t-ainm atá air?  (Ní bheadh a fhios agam murach an lipéad!)

Tá mé díreach tar éis é a ithe!

10 Meitheamh 2009

“cabin fever” arís


Mhol Proinsias an focal “plúchadh”:    

Tig 'plúchadh' go nadúrtha chugam chun 'cabin fever' a chur in iúl.

Cén chaoi a mbainfeá úsáid as le “I have cabin fever” a rá? Bhain mé triail as "tá plúchadh orm", ach is rud éigin cosúil le “I have asthma” a deir sé sin liomsa.  Céard faoi “braithim mé féin plúchta anseo”?  Moltaí eile?