
Céard a rinne an Triúr Manach i dtús báire?  Ní hansa: 
do·rat díultad dont ṡaegul
thug siad diúltú don saol
Is cosúil nach bhfuil ach focal amháin ag teastáil leis an méid seo uilig a rá i Sanscrait: an briathar viraj.  De réir an Practical Sanskrit-English Dictionary le V. S. Apte, ciallaíonn sé “to become disgusted with the world and hence to renounce all wordly attachments”. 
Seo againn é sa tríú pearsa iolra den aimsir chaite:
avirajyanta
अविरज्यन्त
d'éirigh siad bréan den saol agus d'éirigh siad as
 

Concise!
ReplyDeleteGonta, go dearfa! An bhfuil aithne agat ar The Meaning of Tingo?
ReplyDelete