
Is cosúil gur ó na Giúdaigh, le cuidiú na Críostaíochta,  a d'fhoghlaim na Gaeil ealaín na mallachta. Seo agaibh an cruthú, ó Shalm 109:
8 Gura tearc iad laethanta a shaoil; 
agus go nglaca neach eile a chúram. 
9 Go raibh a chlann ina ndílleachtaí gan athair; 
agus go bhfágtar a bhean chéile ina baintreach. 
10 Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce; 
agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas. 
11 Go bhfaighe fear an ghaimbín a bhfuil aige; 
agus go mille strainséirí toradh a shaothair. 
12 Ná raibh neach ann chun gar a dhéanamh dó 
ná chun trua a ghlacadh dá dhílleachtaí. 
13 Go ndéantar a shliocht a mhilleadh, 
agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin.
Nach spalpadh breá mallachtaí é sin? Níl a fhios agam an raibh aon rud níos nimhní nó níos éifeachtaí mar mhallacht ag ár sinsir! Tá cnuasach beag dár gcuid seanmhallachtaí ar fáil anseo.
 

Bhabha!
ReplyDeleteNuair a bhí mise ag fás aníos, ba í an mhallacht ba mheasa a chuala mé ná 'Mallacht Chromail Ort!'
ReplyDeleteIs cuimhin liom an chéad uair a dúradh i mo chomhluadar é, bhí mé an-óg, agus moladh dom gan a leithéid a rá le haon duine riamh. Cé nár thuig mé an scéal taobh thiar den mhallacht ag an am, bhí a fhios agam nach rud maith a bhí ann!
Sin ceann deas láidir, cinnte!
ReplyDelete