01 Nollaig 2013
Lady Louse
Tá scéilín fíorghairid ag na Puget Salish faoi bǝsč’ad, an míol cnis. Tá sé le cloisteáil i Lushootseed anseo ó Vi Hilbert, cainteoir dúchais a fuair bás sa bhliain 2009. Tá an scéal le feiceáil (buntéacs agus léaráidí) agus le cloisteáil anseo freisin. Lady Louse a thugtar air i mBéarla.
Chuir mé Sean-Ghaeilge ar an scéilín cúpla bliain ó shin, toisc gur thaitin doiléire an scéilín liom: céard is ciall leis?
Baí in chaillech Míl Étaig oc aittreb isin tig mór sin a hóenur cen chardiu cen choibdelchu. Gabais-si scúap didiu 7 glanais in tech mór. Ba mór int sal. Ránic-si íarom lár in taige móir co luid for sechrán. Ní accas Míl Étaig aithirriuch. Finit.
Agus seo é i nGaeilge an lae inniu:
Bhí an tseanbhean Míol Cnis ina cónaí sa teach mór úd ina haonar gan chairde gan ghaolta. Thóg sí a scuab lá amháin agus ghlan sí an teach mór. Bhí sé thar a bheith salach. Tháinig sí go lár an tí agus chuaigh sí amú. Ní fhacthas í riamh ina dhiaidh sin.
No comments:
Post a Comment