dán beag eile
Chonaic mé é iolar mar seo, iolar maol, ar maidin inné agus chum mé na línte ar an toirt. Is ó Íomhá Ghoogle a fuair mé an grianghraf, áfach.
Chonaic mé 
iolar ar bharr bile 
ag croitheadh 
a chuid cleití 
le clóca cluthar 
a chruthú 
in aghaidh fhuacht 
na maidine.
Geallaim daoibh nach dán a bheas sa chéad bhlagmhír eile!
 
 
 
 
 
 
  
 
 
 
 
 
 
 
 
 
 
Go deas..:-)
ReplyDeleteAn-deas!
ReplyDeletec-c-c-c-innte?
ReplyDeleteIs dán é a d'fhéadfadh misneach a thabhairt do dhuine go moch maidin Dé Luain. Tá gné mheafarach ag baint le "crann bile", gan amhras.
ReplyDelete