04 Deireadh Fómhair 2010

ó thornapa go puimcín...


... nó, coincheap a fuair meán a dhiongbhála san Oileán Úr




Tá draíocht ar leith ag baint le lasair sa dorchadas, ó choinneal go tine chnámh. Ba dearthóir ardéirime an chéad duine (an chéad Ghael?) a smaoinigh ar aibhleog a chur isteach i dtornapa a raibh aghaidh gearrtha ann. Ach is beag an canbhás é an tornapa don ealaíontóir. Ní raibh bláthú i ndán don ealaín seo go dtí gur casadh an lasair ar an bpuimcín!

2 comments:

  1. Agus is fearr an anraith a déantar as a fheoil, chomh maith!

    ReplyDelete
  2. Tá puimcín beag Sweetie Pie™ ag fanacht liom sa chistin. Cheannaigh mé é le haghaidh anraith. Ní mór dom “an t-oideas ceart” a aimsiú ar an idirlíon anois, ó nach bhfuil “spécialité de la maison” agam sa chás seo.

    ReplyDelete