Fuair mé liosta d'ainmneacha eile a chuirtear, nó a chuirtí, ar an tsnáthaid mhór i nGaeilge, in The Proceedings of the Indiana Academy of Sciences (vol. 82, 1972).  Seo agaibh iad díreach mar a fuair mé iad san alt, gan síntí fada.  Deirtear go dtáinig siad as “survey conducted by the Irish Folklore Commission”. 
snathad chogaidh  -  battle needle  -  southwest Co. Donegal
snathad mor  -  big needle  -  Co. Mayo
snathad mór na sciatháin  -  big needle of the wings  -  Annadown, Co. Galway
snathadán an diabhail  -  devil's needle  -  southwestern Co. Donegal
snathadan cogaidh  -  battle needle  -  northwestern Ireland
spiogan mor  -  big spike  -  Co. Mayo
spiogoid mor  -  big spike  -  Co. Mayo
bas drucha  -  dusky death  --  Clear Island, Co. Cork
spearadoir  -  mower  -  Killorglin, Co. Kerry
cleardhar caoch  -  blind wasp  - western Co. Galway
Bhí fonn orm an focal beag “sic” a chur lena lán díobh seo, ach is dócha gur fearr gan iad a athrú ar chor ar bith.  “Má tá bréag ann, ní mise a chum ná a cheap.”
Agus, toisc nach maith liom teachtaireacht a phostáil anseo nach bhfuil ann ach focail, seo pictiúr de shnáthaid mhór leis an ngabha geal Zuñi Roland Haloo: 

Is bean í an tsnáthaid mhór seo, mar is léir ón ngúna agus ón stíl ghruaige: