pareidolia ~  παρειδωλία
(pairíodóil ?)
Tá pareidolia ag obair nuair a bhraitheann muid patrún (.i. íomhá nó teachtaireacht) in ionchur céadfach randamach (.i. i rudaí a thiteann amach de thaisme).

Seo grianghraf a thóg turasóir Meiriceánach le linn cuairt ar Aillte an Mhothair le déanaí.  Má fheiceann tú aghaidh Íosa ann, mar a chonaic sise, acheiropoieton (αχειροποίητον) is ea an íomhá seo.  Scríobh mé faoi seo anseo agus anseo bliain nó dhó ó shin.  An sainmhíniú ná “íocón nach ndearnadh le lámh an duine”. Is rud coincréideach é an acheiropoieton.
Ach is rud randamach ar fad cruth na gcloch thuas agus thíos.  Is féidir linn aghaidheanna a fheiceáil iontu trí bhíthin pareidolia.  Ní rud coincréideach é an pareidolia ach gníomh nó bua.  Tá sé thar a bheith tábhachtach dúinn, mar ainmhithe sósialta a bhfuil cairde agus naimhde (ainmhithe eile san áireamh) againn, aghaidheanna aithint go héasca.   Is furasta mar sin aghaidh a fheiceáil i gclocha…
… agus in áiteanna eile:
N.B. :  Ní bhíonn acheiropoieton ann i gcónaí nuair a bhíonn pareidolia ann!


lofa.com
ReplyDeleteLeisure & Outdoor Furniture Association?
ReplyDelete