le John Sarkis
Cliceáil...
Nocht an ghnúis seo ar cholún faoi mhótarbhealach i Seattle seachtain nó dhó ó shin.  Chuaigh mé ar ais le mo cheamara inné leis an bpictiúr seo a ghlacadh. Is minic a bhíonn graifítí garbh le feiceáil ar choincréit lom mar seo, ach ní fhaca mé píosa chomh suimiúil leis seo riamh.  Tá sé in éadan an dlí, dála an scéil, péint a chur ar choincréit de chuid WSDOT (Washington State Department of  Transportation).  D'fhág mo dhuine a ainm air, mar sin féin, agus bhí mé in ann an méid seo eolais a fháil ar an idirlíon faoi.  Tá áthas orm go bhfuil sé ann anois.  Ní bheidh sé ann go ceann i bhfad.  Bíonn lucht WSDOT an-ghnóthach lena gcuid scuaba agus lena bpéint liath.
Níl teideal air, ar ndóigh.  Cú Chulainn agus a riastradh uime?
Séard atá le feiceáil sa chúlra ná stumpa mótarbhealaigh ar éiríodh as a thógáil daichead bliain ó shin. Baintear úsáid as (go mídhleathach) sa samhradh mar chlár tumtha:
Is in aghaidh na gcos a théann siad ann de ghnáth.


Shilfeá go mbeadh siad níos fearr as a leithéidí a choimisiúnú chun jab ceart a dhéanamh - nó an amhlaidh go mbíonn dochar don stroighin i gceist leis na dathanna?
ReplyDeleteDochar don choincréit? Ní dóigh liom é.
ReplyDeleteIna fhocail féin, tá sé 'real', 'raw' agus 'unique' gan dabht!
ReplyDelete@ Cú Chulainn agus a riastradh uime?
Maidin na Póite, b'fhéidir..:-)
Maidin na Póite, b'fhéidir..:-)
ReplyDeleteSin agat é ... ach amháin an dath atá air. Bheinn ag súil le lí bhuí air, an mhaidin tar éis na hoíche roimhe.