28 Deireadh Fómhair 2010

Tiarna na Marbh


Mictlantecuhtli

Ciallaíonn an t-ainm Nahuatl seo “Tiarna Mictlan”. Is ionann Mictlan agus “Tír na Marbh” i miotaseolaíocht na nAstacach. Tá an íomhá seo le feiceáil sa Museo Rufino Tamayo in Oaxaca, ceann de na músaemanna beaga is fearr ar domhan (i mo thuairimse).

Mar a dúirt mé i nóta tráchta ceangailte leis an mblagmhír roimh an gceann seo, tá daoine i SAM, Críostaithe bunchreidmheacha den chuid is mó, a smaoiníonn go raibh “dia na marbh” ag na Gaeil, agus gur “Samhain” an t-ainm a bhí air. Tá breall orthu.

Ach is cosúil go raibh pearsa miotaseolaíochta eile ag na Sean-Ghaeil ar a dtugtar “Tiarna na Marbh” uaireanta, .i. Donn. Tá cónaí air i dTeach Duinn, oileán beag carraigeach amach ó Inbhear Scéine (Kenmare Bay), in aice le hOileán Baoi (Dursey), a dtugtar “An Tarbh” air inniu. Tá scéilín sa Dinnseanchas a mhíníonn an miotas seo, cé go dtugann sé spin críostaí dó. Tá an bunleagan ar fáil anseo. Seo agaibh an scéal i nGaeilge an lae inniu:

Teach Dhuinn (Tech nDuinn), cad as don ainm sin? Ní hansa.

Nuair a chuaigh mic Mhíl aniar go hÉirinn, dúirt a ndraoi leo, “Má théann fear agaibh suas ar chrann na loinge,” ar seisean, “agus má chanann sé dícheadail in aghaidh Tuatha Dé ar dtús, brisfidh an cath orthu (.i. cloífear iad) agus is linn a bheas a dtír go brách. Agus éagfaidh an fear a chanfas an briocht.”

Bhí crannchur acu agus thit sé ar chrann Dhuinn a dhul suas ar chrann na loinge. Sin mar a rinneadh. Chuaigh Donn suas ar an seol agus chan sé briochtaí ina n-aghaidh, agus chuaigh sé síos ansin agus dúirt: “Dar déithe, ní bheidh ceart ná cóir daoibh feasta!”

Ansin chan Tuatha Dé dícheadail ina n-aghaidh ar ais ón tír mar fhreagra. Tar éis dóibh Donn a mhallú tháinig crith-ghalar isteach sa long gan mhoill. Dúirt Amhairghein, “Gheobhaidh Donn bás, agus ní bheadh sé rathúil dúinn a chorp a choinneáil, ar eagla go dtolgfaidh muid an galar. Má thugtar Donn i dtír linn, beidh an galar in Éirinn go brách.” Dúirt Donn, “Beirtear mo chorp chuig aon cheann de na hinsí seo agus tabharfaidh mo mhuintir beannacht orm go brách.”

Tháinig stoirm mhór orthu ansin de dheasca bhriochtaí na ndraíonna agus bádh an bárc a raibh Donn ann. “Beirtear a chorp go dtí an charraig úd thall,” arsa Amhairghein. “Tiocfaidh a mhuintir go dtí an áit sin.” Teach Dhuinn a thugtar air dá bhrí sin.

Is ar an ábhar sin a thagann anamacha na bpeacacha go dtí Teach Dhuinn ar dtús ar a mbealach go hifreann, de réir na bpágánach, lena mbeannacht a chur ar anam Dhuinn. Más anam fíréanta an aithrigh atá ann, áfach, feiceann sé an áit i bhfad uaidh agus ní théann sé amú. Is é sin creideamh na bpágánach. Teach Dhuinn a thugtar air dá bhrí sin.

5 comments:

  1. Tá sé réasúnta soiléir gur aguisín atá sa pharagraph deireanach. Tá leid -- nó fianaise -- againn san abairt fhoirmleach a chríochnaíonn an míniú, “Conid de(sin) dogarar Tech nDuind.” (Is dá bhrí sin a thugtar Teach Dhuinn air.) Tagann sé faoi dhó sa scéilín seo, ag deireadh an scéil a bhí ann ó thús, agus arís ag deireadh an aguisín.

    Pé scéal é, feictear domsa gur laoch a bhí i nDonn seachas págánach gránna nó peacach.

    ReplyDelete
  2. Domsa freisin.

    Sílim áfach gur sórt cur i gcéill atá ina lán den Chríostaíocht mhíleata seo ins na scéalta. Is léir gur thuig na scríobhaithe an saibhreas a bhí sna scéalta, ach ar eagla dhaoine le údarás ach caolaigeanta, gur sníomh siad a leithéidí de shéanadh isteach.

    ReplyDelete
  3. Pointe gan tábhacht: Níl “Conid de(sin) dogarar Tech nDuind” ag fíor dheireadh an scéil a bhí ann ó thús. Tagann “‘Ticfad a munnter an maighin sin’, ol Amhirghen” ina dhiaidh.

    ReplyDelete
  4. Is fíor duit, a Chaoimhín. Dhearmad mé gur chuir mé mo ladar eagarthóireachta isteach ansin. B'fhacthas dom nuair a rinne mé an t-asitriúchán go raibh an dá abairt úd sa pharagraf leathdhéanach as ord. Ar ndóigh, is mise a chruthaigh na paragrafanna freisin. Níl sa LS ach téacs leanúnach, mar is iondúil.

    ReplyDelete