19 Deireadh Fómhair 2010

taibhse an chnádáin


Is ó Rann na nGág a d'fhoghlaim mé an téarma “taibhse an chnádáin” (= the bogey man) an lá cheana. Mar is iondúil, is é an chéad cheist a chuir mé orm féin ná “cad as dó, cén scéal atá taobh thiar de?" Agus an dara ceist ná “cén cnádán atá i gceist?” Níl raibh mé cinnte, toisc nach bhfaca mé bogey man riamh (ar feadh m'eolais). Tá ar a laghad dhá chnádán sa Ghaeilge:

cnádán nó natterjack toad


cnádán úcaire nó leadán úcaire

Is suimiúil an rud é nach bhfuil an focal “cnádán = natterjack” in FGB, cé go bhfuil sé in de Bhaldraithe s.v. toad. Tá an dá fhocal ag focal.ie. Agus tá “cnádán” eile ag Pota Focal (cé go bhfuil sé ag FGB freisin mar “cnádánacht = bickering; irritating, disagreeable, talk”).

Cén cnádán atá i gceist? Agus cén fáth??

7 comments:

  1. Ní fhaightear an natterjack toad ach i limistéir an-theoranta i gCo. Chiarraí. Ní raibh aon tuairirc air go dtí cúpla céad bliain ó shin agus cheap a lán gur tabhairt isteach úrnua a bhí ann. Ach chruthaigh tastálacha DNA le déanaí gurbh dóichí go raibh an cnadán san áit sin ón oighearaois anuas. Mar sin ní dóigh liom gurb é an toad a bhí i gceist sa téarma “taibhse an chnadáin”.

    Bhíodh tionscal an línéadaigh i bhfad níos forleithne ar fud an oileáin ná atá sé sa lá atá inniu ann. Bhain an t-úcaire úsáid as an bplanda, an cnadán (cnadán úcaire) chun an t-éadach a ramhrú (a úcadh).

    Os rud é go mbíodh níos mó eolas ar an bplanda coitianta ná ar an ainmhí an-neamhchoitianta, déarfainn gur tháinig “taibhse an chnadáin” ón ‘teasel’

    Ach cá bhfios?

    ReplyDelete
  2. Bhain na húcairí úsáid as cré úcaire (calcium bentonite de ghnáth) leis an éadach olla a ghlanadh agus a dhíbhealú. Is cré bán é agus is minic a bhí siad clúdaithe léi, bán ó bhaithis go bonn. Bheadh cuma thaibhsiúil ar an úcaire ansin, is dócha: sách taibhsiúil le páistí a scanrú? An é seo an míniú?

    ReplyDelete
  3. Seans gur ionann an ‘cnádán’ agus an ‘búdán’, b’fhéidir, focal ar ionann é agus ‘púca’ agus ‘badhbh’ = bogey. Tá an focal sin ‘badhbh’anseo, lch.75, faoin gcaibidil ‘Cúrsaí Creidim agus Pisreoga.’

    Tá an rím seo thíos ag an Dómhnallach, ceann a chuala mé den chéad uair anocht, ó tharla do cheist á plé agam léi, a Dennis.

    ‘Huh mhaithín, a leanbh,
    Gabh amach a bhadhbh badhbh,
    Tá capall an tsagairt
    I ngarraí Sheáin Donn

    Cuirigí as í
    Nó déanfaidh sí fogha,
    Is tiocfaidh sí i bhfolach
    Ar bhúbaí Sheáin Donn.’

    Nílim cinnte faoin ‘huh’ sin, ach sin mar a thit an fhuaim ar mo chluasa. Nach suimiúil go bhfuil ‘capall’ baininscneach sa rím?

    ReplyDelete
  4. An bhadhbh atá baininscneach anseo, ní an capall, mura bhfuil dul amú orm: cuirigí as an bhadhbh.

    Céard is ciall le “búbaí” anseo? Conas a fuaimníonn an Domhnallach “badhbh”? Cosúil le “bow (wow)" a deir an madra? Tá an fuaimniú “bive” ann freisin.

    Tá a fhios agat, is dócha, gur bandia a bhí sa Bhadhbh ar dtús.

    Is suimiúil iad na rannta seo. Go raibh maith as iad a roinnt linn!!

    ReplyDelete
  5. Tá an ceart agat maidir le badhbh bheith baininscneach (agus ina bandia!), ach feictear dom, agus don Dómhnallach, gurb í/é an capall atá i gceist le 'cuirigí as í' - agus, go deimhin, is 'í' a thabharfadh sí ar chapall, mar chuir mé ceist uirthi anois díreach!

    'Bow' a deirtear, sa chás seo, pé scéal é.

    Is ionann 'búbaí' agus 'bobarún', sa rann seo.

    Mo chuimhne, dar le mo chara, d'fhéadfadh sé gur 'ar an mbúbaí Sheáin Donn' atá i gceist, ach is 'ar bhúbaí' a dúradh an rann.

    Agus, tá fáilte romhat, ach murach do cheist féin, ní bheadh an rann agamsa, ná ag na léitheoiri eile, inniu. Go raibh maith agat féin, a chara na Gaeilge...:-)

    ReplyDelete
  6. B'é an t-aon rud a rabhas in ann a shamhlú dom i dtaobh shanasaíocht "taibhse an chnádáin" ná duine a bheadh ag dul thart i ndorchadas na hoíche agus cnádáin an bhairr mhargaidh úd ag greamú dá éadaí. Ní rabhas rómhuiníneach as an leagan sin de, áfach!

    Tá na scéalta thart timpeall ar an gcnádán thar a bheith suimiúil. GRMA as iad a roinnt liom, a chairde.

    Tá "ag cnádadh a phíopa" ag Máirtín Ó Cadhain (An Taoille Tuile) agus "smoulder" sa sa FGB do "cnádaigh".

    Dála an scéil, cuirtear "Wilde Karde" ar "Dipsacus fullonum" sa Ghearmáinis, a mbítí ag cardáil leis sa tionscal teicstíle tráth dá raibh. An bhfuil a fhios ag éinne cé acu a bhí ann ar dtús, ainm an phlanda nó ainm na feidhme a bhaintí as an bplanda?

    Tá "cnádáil" sa FGB freisin. Ag obair nó ag bogadh go mall, spadánta an míniú air. Seans nárbh iontach spreagúil obair an chardálaí?

    ReplyDelete
  7. An bhfuil a fhios ag éinne cé acu a bhí ann ar dtús, ainm an phlanda nó ainm na feidhme a bhaintí as an bplanda?

    Ainm an phlanda, ó “carduus” na Laidine a chiallaíonn “feochadán”.

    ReplyDelete