17 Deireadh Fómhair 2010

Jaaghey Meelowit


Cén teanga í seo?

4 comments:

  1. "Deatú Mí-leofa" sa Ghaelainn, má tras-scríobhtar é isteach sna focail is cóngaraí ó thaobh an litrithe de.

    Ach ar Mhanainn ní neosfainn cén teanga atá i gceist!

    ReplyDelete
  2. Tá an fógra seo i Manainnis le feiceáil taobh amuigh de lárionad siopadóireachta i nDoolish (Douglas). Is cosúil gur shíl a lán daoine gur Polainnis a bhí ann! Ní thógaim orthu é ar chor ar bith. Níor aithin mise an teanga ar dtús ach oiread, bíodh is gur saghas Gaeilge atá inti.

    Maidir le “jaaghey”, bhí dhá fhocal ar comhchiall sa tSean-Ghaeilge: “dethach” agus “detach”. Tháinig an focal Manainnise “jaagh” ón gcéad cheann, de réir dealraimh: dethach > deathach > dea-ach > deach. Is ionann “jaaghey” agus “deachadh” mar sin.

    Maidir le “meelowit”, níl mé cinnte faoin dara leath de. Tá “lowit” acu sa Mhanainnis leis an gciall “allowed”. An féidir gur ón fhocal Béarla seo a fuair siad é?

    ReplyDelete
  3. Bíodh is go bhfuil cuma aisteach ar an teanga scríofa, níl Manainnis chomh fíor-aisteach sin agus tú ag éisteacht léi. Is féidir leat triail a bhaint aisti anseo. Cartún simplí le haghaidh foghlaimeoirí atá ann.

    ReplyDelete
  4. Bhain mé sult as an gcartún, go raibh maith agat...:-)

    ReplyDelete