12 Deireadh Fómhair 2010

iógart Turcach & iógart Gréagach


Thug cara liom, a rugadh is a tógadh san Eilvéis, próca dom leis an lipéad “Bire i Rotwy” air. Is é sin le rá “piorrai i bhfíon dearg”. Rinne sé féin iad. D'ith mé ceann acu anocht. Bhí sé an-bhlasta in éindí le daba mór den iógart seo:

Ach, a dúirt mé liom féin, céard is ciall le “chobani”? Iógart Gréagach atá ann, ach ní aithním “chobani” mar fhocal Gréigise. Níl cuma na Gréigise air ar chor ar bith. Beagán taighde san áit iondúil agus voilà: is focal Tuircise é a chiallaíonn “tréadaí”. (Dála an scéil, is i dTexas a dhéantar an iógart “Gréagach” seo.)

Ansin chuimhnigh mé ar scéal a léigh mé cúpla mí ó shin faoi fhear Gréagach a bhfuil a aghaidh le feiceáil ar "iógart Turcach” a dhéantar sa tSualainn:


Is cosúil go raibh ionadh an domhain ar mo dhuine, a rugadh is a tógadh sa Ghréig agus atá ina chónaí ann fós, nuair a dúirt cara leis a bhí ar chuairt sa tSualainn go bhfaca sé ansin é, ar iógart Turcach!

Cad é an Ghaeilge ar “turnabout is fair play”?

8 comments:

  1. Ní dóigh liom go n-úsáidtear "Anlann don ghé, anlann don ghandal" sa Ghaeilge!

    ReplyDelete
  2. Tabhair faoin gceist cad é an difear idir caife Gréigeach agus caife Turcach lá éigin!
    Is fuath leo a chéile, ach is iomaí rud atá i gcoitinn acu, mar sin féin.

    ReplyDelete
  3. @ Ormondo

    Ach tá “ní faide gob an ghé ná gob an ghandail” ag de Bhaldraithe. Ní dóigh liom, áfach, go bhfeileann an nath sin sa chás seo.

    @ Séamas

    An difríocht chéanna atá idir chaife Turcach agus caife Gréagach: faic.

    Is ionann an dá iógart, go bhfios domsa. Séard atá iontu (agus i skyr na hÍoslainne) ná iógart síothlaithe atá níos tibhe dá bharr sin.

    ReplyDelete
  4. Cad is brí le "turnabout is fair play"?

    Níor chuala riamh an nath úd.

    ReplyDelete
  5. Caithfidh gur nath Meiriceánach é. “Bhuail tú bob orm. Ná bíodh ionadh ort má bhuailim bob ortsa! Turnabout is fair play, tá's agat.” Nath Meiriceánach eile atá an-chosúil leis sin, ach amháin nach bhfuil sé chomh pearsanta: “What goes around comes around.” Saghas karmic.

    ReplyDelete
  6. Filleann an feall ar an bhfeallaire, sin a rá.

    ReplyDelete
  7. iógart Téacsach, ainm Turcaise, bunús Gréagach. ok.

    ReplyDelete