13 Deireadh Fómhair 2010

briochtaí ban


Plomb du Larzac

Seo íomhá d'inscríbhinn ar bhileog luaidhe a fuarthas sa Fhrainc sa bhliain 1983. Is ceann de na téacsanna is faide a fuarthas riamh i nGaillis, teanga ársa na nGall (Gauls).


Seo dhá fhocal ón inscríbhinn thuas, a scríobh sna litreacha ar a dtugtar “scríbhneoireacht reatha Rómhánach” nó Latin cursive:

bnanom bricto[m]



Agus seo dhá fhocal ó Leabhar na hUidhre (líne 10015):

brectu ban

An dá fhocal ceannann céanna atá iontu, dáiríre, cé gur scríobhadh an leagan Gaeilge timpeall 1,000 bliain níos déanaí. Is cosúil go raibh eagla ar na Ceiltigh roimh dhraíocht na mban leis na mílte bliain anuas! Sa lúireach seo a chuirtear i leith Phádraig Naofa deir sé:

Tocuiriur etrum indiu inna huli nert-so [...]
fri brichtu ban ocus gobann ocus druad!

Cuirim idir mé [agus olc] inniu gach uile neart
in aghaidh briochtaí ban agus gaibhne agus draoithe!

5 comments:

  1. N’fheadar faoi chine ar bith eile, ach faighimidne Éireannaigh an tsaíocht sin ó chíche ár máithreacha.

    ReplyDelete
  2. An é sin le rá go bhfuair tusa an bua sin leis an mbainne? Ós rud é nach bean thú féin, áfach, caithfidh gur draoi nó gabha atá ionat.

    ReplyDelete
  3. Dheara, Dennis, a fhios agat go rí-mhaith gurbh é a bhí i gceist agam ná gur eol do gach Éireannach faoi na briochtaí a bhíonn ag na mná. Agus, thairis sin, más gabha mé, is gabha adamh mé.

    ReplyDelete
  4. Níor fhoghlaim mé dada faoi bhriochtaí agus mé ag teacht aníos, ach chuala mé riamh gurb í an mhallacht is cumhachtaí ná mallacht na baintrí.

    ReplyDelete