08 Deireadh Fómhair 2010

“á” #1


Focal deas gonta eile nach bhfuil sa teanga a thuilleadh:

á

A fhir há!
A fhiacail!

Is ar éigean atá an focal beag seo le fáil sa tSean-Ghaeilge féin ach amháin i gcineál meafair ar a dtugtar kenning. (Is oth liom nach bhfuil Gaeilge ar an bhfocal seo fós.) Is ionann “á” agus “béal”, agus is ionann “fer á” agus “fear béil” .i. “fiacail”. An-deas mar íomhá, nach ea? Dála an scéil, níl sa ‘h’ thuas ach iarracht ar bheagán téagair a thabhairt don fhocal beag seo. Ba sheanchleas é seo ag na scríobhaithe: “hí” in áit “i” agus mar sin de.

Séard atá sna focail thuas ná an chéad líne den rann seo, a chuirtear i mbéal Phádraig Naofa in Bethu Pátraic, Vita Tripartita Sancti Patricii (cuid a dó, línte 1618-21). Deirtear gur bhain Pádraig fiacail as a bhéal agus gur thug sé do Easpag Bróin í mar bhí an naomh an-cheanúil air.

A ḟir há,
ocus mennután immbá,
ó [a]táam i n-ar [m]bíu
nochot acca cosindíu.

A fhir bhéil,
agus an teachín ina raibh tú,
ó táimid inár mbeatha
ní fhaca mé go dtí inniu thú.

Tá trí rann eile sa dán seo, ach is leor an chéad cheann anois.

13 comments:

  1. "Abair 'á'" mar a duirt an fiaclóir...

    ReplyDelete
  2. Dheineas taighde beag i Vicipéid faoin bhfocal "kenning" agus is amhlaidh go n-úsáidtear an leagan neamh-"eadóirsithe" - mar atá "kenning" - fiú sna teangacha nach teangacha Gearmánacha iad.

    Conas a ghaelófaí é? Le focal le "fios-" mar fhréamh de, b'fhéidir?

    ReplyDelete
  3. :-)

    Ach is ón dochtúir a chuala mé riamh é sin.

    Is cosúil gur rugadh “á” in éineacht le “आस् ās” na Sanscraite agus le “ōs” na Laidine, dhá fhocal eile a chiallaíonn “béal”.

    ReplyDelete
  4. Ó nach cuid lárnach de thraidisiún liteartha na Gaeilge é an kenning, is cosúil nach raibh géarghá riamh le hainm a chur air. Tá siad le fáil sa tSean-Ghaeilge, ach níl lear mór acu ann. Dhá cheann eile a thaitníonn liom ná:

    nemed bled = neimheadh (sanctóir, tearmann) míolta móra = an mhuir

    adba rón = adhbha (áitreabh) rón = an mhuir

    Maidir leis an téarma seo a ghaelú, níl aon mholadh cliste agam. Ceining?

    ReplyDelete
  5. An gá Vietnam nó Venezuela a ghaelú? Is dóigh liomsa go bhfuil na leaganacha gaelacha díobh seo an-amaideach ar fad. Bheinn sásta dá mbeadh ainm nua againn ar kenning, ainm cliste agus oiriúnach. Ní dóigh liom, áfach, go bhfuil sé riachtanach litriú Gaeilge a bhualadh air.

    ReplyDelete
  6. Dá mbeadh leagann a thabharfadh an ciall, slán; cinnte. Ach níl ciall le traslitriú.

    ReplyDelete
  7. Dála an scéil, dúirt mé, a bheag nó a mhór, gur féidir nach bhfuil ainm againn ar kenning toisc nach raibh a lán acu sa teanga riamh. Ach chuir teachtaireacht a chuir Liz chuig Old-Irish-L anois díreach i gcuimhne dom go raibh ciúta liteartha eile sa tSean-Ghaeilge a bhí thar a bheith coitianta i bhfilíocht ach nach raibh ainm Gaeilge riamh air, go bhfios dom: an cheville. Féach a bhfuil le rá ag P. W. Joyce faoi seo anseo, faoin teideal “Idioms derived from the Irish language”. Is trua liom nach bhfuil ainm Gaeilge againn air sin.

    ReplyDelete
  8. Is cosúil go raibh na Sean Ghael ró gnóthach ag scríobh litríochta le friotal don gcriticeoir chumadh! ;-)

    ReplyDelete
  9. Spalla atá air, de réir focal.ie

    Tá ciall leis sin.

    ReplyDelete
  10. Is fíor duit. Tháinig mé ar ais leis an méid a dúirt mé a cheartú, ach bhí tú ann romham. Tá “spalla” in FGB freisin.

    ReplyDelete
  11. Maidir le "kenning," is focal Sean-Lochlannach é agus an chiall ceudna air (le cois na ceille bhúnasach "aithne, aitheantas") san tsean teanga. Usaidtear an focal seo i mBéarla agus i Nua-Íoslainntis; táimse lán sásta é a scríobh díreach mar atá sé, i nGaeilge agus i nGàidhlig.

    ReplyDelete
  12. Gheofar samplaí eile le bheith ag lorg “kenning” in eDIL

    ReplyDelete