10 Meitheamh 2011

ceist íomhá?


Is cosúil go bhfuil beirt san iomaíocht anois don phost is airde san IMF: Augustín Carstens ó Mheicsiceo, agus Christine Lagarde ón Fhrainc.


Tá cáil ar an IMF as a dhéine is atá siad ag déileál leis na tíortha a fhaigheann airgead ar iasacht uathu. Cuirtear ar aiste bia na tíortha sin agus sin sin.



Más é fáisceadh an chreasa an rud a bhíonn ón IMF i gcónaí, ar cheart don oideas seo a theacht ó fhear ramhar nó ó bhean sheang? Do bharúil?

06 Meitheamh 2011

litir a cumadh roimh am


Thug mé an F bunoscionn seo, Ⅎ, faoi deara sa Róimh cúpla seachtain ó shin:



Ní bhfuair mé amach céard a bhí ann go dtí gur tháinig mé abhaile. Is cosúil gur chuir an tImpire Claudius trí litir nua leis an aibitir Rómhánach nuair a bhí sé i réim:




Seasann an chéad cheann do [ps] agus [bs], ar mhúnla na litreach “X” a sheasann do [ks] agus [gs].

Seasann an dara ceann don chonsan [v] / [β] / [w]. Roimhe seo ní raibh ach “V” ann, a sheas don ghuta [u] agus don chonsan araon.

Seasann an tríú ceann don fhuaim [y] a scríobhadh mar “Y” sa Ghréagais, agus atá againn inniu in “für” na Gearmáinise agus in “dur” na Fraincise.


Cé nár mhair aon cheann de na litreacha nua seo san aibitír tar éis don Impire bás a fháil sa bhliain sa bhliain 54, bhí Claudius ar an gconair cheart. Rinneadh “V” a idirdhealú ar an gconsan “VV”, scríofa le dhá litir, go luath sa mheánaois, cé nach ndearnadh litir amháin de go dtí i bhfad níos déanaí: “W”. Rinneadh dhá litir éagsúla de “V” agus “U” thart faoin am céanna.

05 Meitheamh 2011

Is breá liom na piongainí!



I rith na seachtaine bím ag fanacht leis an Domhnach nuair a bheidh mé in ann na rudaí is fíormhaith liom a dhéanamh.

Ach caithim an Domhnach ag fiafraí díom féin céard is fíormhaith liom.

Tá fuath agam ar an Domhnach.

Ach amháin le linn na seachtaine.

“do na déithe uile”


Méadaigh, led thoil!

Seo grianghraf eile ón Róimh. Is dóigh liom go bhfuil an spás seo, a cruthaíodh tuairim is 1,885 bliana (!) ó shin, ar cheann de na spásanna is cumhachtaí ar domhan. Is eaglas Chaitliceach é le fada an lá, ach creidim go bhfuil sé níos mó ná sin. An Pantheon a thugtar air, nó i nGréigis Πάνθειον, “do na déithe uile”.

04 Meitheamh 2011

quiz Rómhánach


Cliceáil le méadú!

Cé hiad na fir seo agus cén fáth a bhfuil an caipín aisteach (a chuireann propeller beanie i gcuimhne domsa) orthu?

03 Meitheamh 2011

“Tandragee Idol”



Tá an íomhá seo, ar a dtugtar an Tandragee Idol, le feiceáil anois in Ardeaglais Phádraig in Ard Mhacha. Tháinig sé ón sráidbhaile Tóin re Gaoith sa chontae sin, ach níl sé soiléir cá raibh sé suite roimhe sin.

Deir an scoláire Beilgeach Claude Sterckx sa leabhar Mythologie du monde celte (2009) gur íomhá den dia-rí Nuadu Airgetlám / Nuadha Airgeadlámh, agus a lámh gearrtha, nó a lámh nua airgid, ina láimh eile. Tá trácht air seo in Cath Maige Tuired (sa litriú an-ait a fhaightear sa lámhscríbhinn sin):

Boí dano Núadae oga uothras, 7 dobreth láim n-argait foair lioa Dien Cécht go lúth cecha lámha indte.
Ansin bhí Nuadha á leigheas, agus cuireadh lámh airgid air le Dian Céacht, lámh ina raibh lúth gach láimhe eile.
Is míniú nua é seo, go bhfios dom, agus is maith liom é. Cheannaigh mé an leabhar seo toisc go raibh meas agam ar Sterckx riamh.

ealaín nua-aimseartha


cliceáil

Seo cárta poist a cheannaigh mé ag an Centre Pompidou i bPáras. Tig leat tic a chur sa bhosca is mian leat:

Séard atá in ealaín an lae inniu ná:

▢ rith ábhalmhór a dhéanamh le léim bhídeach, ach doshéanta, a bhaint amach

▢ do nideog féin a aimsiú agus ansin a bheith ag tafann chomh luath is a thagann duine ar bith id ghaobhair

▢ snámh chomhuaineach a dhéanamh id aonar