16 Aibreán 2011

Cashel Blue



Is maith liom an cháis seo. Tá mé ar tí píosa di a leathadh ar bhaguette.

Cheannóinn níos minice í ach tá sí daor.

Cén fáth a bhfuil sí chomh daor sin?

Fáth amháin, sílim, ná go bhfuil an euro an-láidir i gcomórtas leis an dollar, agus ag éirí níos láidre in aghaidh an lae.

Éire bhocht!

15 Aibreán 2011

pubaill


Tá an focal “puball” sa Ghaeilge le fada, cé go dtáinic sé isteach sa teanga ón Laidin ar dtús. Déantar tagairt do phubaill sa Táin:

Fo·cerdat a puiblea i suidiu.

Chuir siad suas a bpubaill ansin.

Cach bail ro sáid a pupaill, is Pupall Medba a ainm.

Gach áit ar chuir sí suas a puball, is Puball Méabha a hainm.

Ach dá mbeadh ort pictiúir a tharraingt le haghaidh eagráin nua den Táin, cén cruth a chuirfeá ar na pubaill?



Tá rí ina shuí i bpuball sa phictiúr seo ón lámhscríbhinn Lansdowne 782, f. 10v, a scríobhadh circa 1240-1250. Tá pubaill éagsúla, a lán acu níos réadúla ná an ceann seo, le feiceáil i leabhair mheánaoiseacha. Ach níl mé eolach ar aon íomhá mar seo ó Éirinn. Is cosúil nach bhfuil a fhios ag aon duine cén cineál pubaill a bhí ag Méabh.

Is rí-dhócha, áfach, nach raibh típí aici. Is mór an trua é sin, ós é an típí an puball is áille ar domhan, i mo thuairim-sa.



Tá an físeán seo ón taisipeántas Tipi: Heritage of the Great Plains atá ar siúl faoi láthair i mBrooklyn.

13 Aibreán 2011

dearadh siombalach?



Seo leathanach as an Southampton Psalter, leabhar a cumadh in Éirinn sa deichiú haois. Tá Dáibhí ag troid le leon thuas sa phictiúr agus é ina aoire thíos. Tá dhá leathanach eile sa leabhar seo a bhfuil daoine orthu: Dáibhí is Góiliat ar cheann acu, agus Céasadh Chríost ar cheann eile.

Seo an méid a dúirt an duine sa choláiste a scríobh an cur síos ar an saltair seo, atá i dtaisce i leabharlann St John's College, Cambridge:

The three pictures are well-known specimens of Irish art and afford most striking examples at once of skill in decoration and total inability to draw figures.

Ní dóigh liom go dtuigeann mo dhuine an cineál seo ealaíne ar chor ar bith. Is breá liomsa na híomhánna seo!

Ní réalachas anatamaíoch ná réalachas saonta a bhí ar aigne an duine a dhear na pictiúir seo. Níl siad osréalach ach oiread. Séard atá iontu ná dearadh íon, nó rud éigin an-ghar dó. Séard atá tábhachtach iontu ná patrúin agus dathanna, agus an dóigh a n-oibríonn siad le chéile. Tá spleodar is samhlaíocht agus - an bhfuil cead agam é seo a rá? - tá draíocht sna híomhánna seo nach bhfuil le fáil ina lán lán rudaí ón Mór-roinn ón am céanna atá i bhfad níos réalaíche.

12 Aibreán 2011

Sequoiadendron giganteum, cuid a dó


Cliceáil le méadú.


Seo dhá radharc ar an mórghiúis dhúdach eile sa chomhsanacht. Is crann ollmhór é cheana féin, cé nár cuireadh é níos mó ná seachtó bliain ó shin. Ach níl ann ach leanbh beag i gcomórtas lena ghaolta i gCalifornia.

11 Aibreán 2011

Sequoiadendron giganteum


Cheannaigh mé mar seo é timpeall 6 bliana ó shin.


D'fhás sé i bpota ar an deic. In dhá phota, leis an bhfírinne a rá: bhí orm é a aistriú isteach i bpota níos mó tar éis cúpla bliain. Bhí sé sona sásta ansin, de réir dealraimh.


Ach anois tá a fhréamhacha sa talamh faoi dheireadh. Bhí an pota tar éis éirí ró-chúng dó. Trí lá ó shin a fuair mé áit bhreá nua dó taobh thiar den teach.

Sa chéad bhlagmhír eile, feicfidh sibh cúpla grianghraf dá “dheartháir mór”, Sequoiadendron giganteum atá ag fás le níl-a-fhios-agam-cé-chomh-fada taobh thiar de theach eile sa chomharsanacht.

09 Aibreán 2011

bia-qhuiz



Céard é seo atá á ithe agam?

Tá an dath 100% nádúrtha, agus níl ann ach aon chomhábhar amháin.

Dála an scéil, an féidir “comhábhar” a thabhairt ar rud mura bhfuil ann ach é?

Leid: tá sé milis.

06 Aibreán 2011

Google Translate



Tá a fhios againn nach dtuigeann Google Translate Gaeilge ró-mhaith. Ach shíl mé go raibh a chuid Fraincise réasúnta maith. Chuir mé teachtaireacht chuig cara liom inniu leis an gceist seo: “Vin blanc pour l'apéro ? Ou du gros rouge qui tache ?” Bhí a fhios agam nach bhfuil Fraincis ag mo chara, ach shíl mé go mbeadh sé ceart go leor le GT mar ateangaire. Ach ansin, tar éis dom an teachtaireacht a chur chuige, ar eagla ná heagla, thug mé an dá abairt do GT. Seo é an toradh:

White wine for an aperitif? Or a big red spot?

Is cosúil nach bhfuil Fraincis ar a thoil ag GT tar éis an tsaoil. Níl aon locht ar an gcéad abairt, ach séard a chiallaíonn “ou du gros rouge qui tache” ná “nó (fíon) dearg mór a ruaimníonn”. Is ionann é sin agus fíon dearg atá beagán -shaor.

Pé scéal é, thuig mo cara céard a bhí i gceist agam agus d'fhreagair sé i nGaeilge, ag baint úsáide as GT:

Is maith linn an dá fíonta bán agus dearg. Leat cinneadh a ceann a thabhairt.

Hmmm. Níl Gaeilge GT chomh dona sin!