31 Márta 2011

An t-ainm is aistí ar theanga?



Is teanga criól í Bislama, ceann de na teangacha oifigiúla de chuid Phoblacht Vanuatu. “Bislama” an litriú ceart den fhocal anois, a tháinig ó “Beach-la-Mar”, an t-ainm a bhí ar an teanga sa naoú haois déag. Tháinig an t-ainm seo ó “bêche de mer”, leagan Fraincise de “bicho do mar”, focail Phortaingéilise a chiallaíonn “ainmhí de mhuir”. An t-ainmhí a bhí i gceist ná an súmaire cladaigh. Itear an súmaire cladaigh go forleathan san Áise, mar a bhfuil an-éileamh air.

Bhí spailpíní ó na hoileáin éagsúla i Nua-Inse Gall (The New Hebrides, Vanuatu anois) páirteach i bhfómhar na súmairí cladaigh don mhargadh san Áise. Ní raibh comhtheanga acu, mar sin thóg siad ceann nua as focail ón mBéarla in éindí le gramadach agus comhréir óna gcuid teangacha féin. Baisteadh ainm an ainmhí inite seo ar an gcomhtheanga nua.


Mmmmm! Blasta!


Seo é an chéad chuid d'amhrán náisiúnta Vanuata, a scríobhadh i mBislama. “Yumi, Yumi, Yumi’ (= Sinn, Sinn, Sinn):

Yumi, Yumi, yumi i glat long talem se
Yumi, yumi, yumi ol man blong Vanuatu

God i givim ples ia long yumi,
Yumi glat tumas long hem,
Yumi strong mo yumi fri long hem,
Yumi brata evriwan!


30 Márta 2011

clog analógach...


... a bhfuil níos mó (sílim) ná míle pháirt ghluaisteach ann:


Déanta na fírinne, tá trí chlog ann: ceann amháin le haghaidh tae glas (3 nóiméad), ceann amháin le haghaidh tae dubh (5 nóiméad), agus ceann amháin le haghaidh tae luibhe (7 nóiméad). Is féidir an ceann glas a úsáid le haghaidh uibheanna bogbhruite freisin, ar ndóigh. Chonaic mé an t-orláiste tríreach seo i siopa caife i bPomona, California cúpla seachtain ó shin agus cheannaigh mé ar an toirt é. Ní raibh sé daor. Tá sé simplí, cruinn, cuanna, ciúin. Agus is maith liom seanteicneolaíochtaí a oibríonn gan leictreachas!

In aon fhocal amháin, tá sé elegant. An bhfuil leathbhreac an fhocail sin againn i nGaeilge?

29 Márta 2011

Scaip graifítí?



Iompar frithshóisialta is ea graifítí a bhreacadh ar na ballaí, gan dabht. Ach ... bíodh sin mar atá, nach mbeadh áthas ort dá mbeadh teachtaireachtaí mar seo le feiceáil i nGaeilge ó am go ham sa phríomhchathair?

SCAIP AINRIALACHAS

Ná Tabhair Orduithe Dom!!


27 Márta 2011

an aimsir


An aimsir i Meicsiceo i gcomórtas leis an aimsir san Araib Shádach:




An gá dom níos mó a rá?

dramhphost & peidléirí gutháin



Is cuimhin liom, ar éigin, aois órga ársa chianda nuair a bhíodh litreacha pearsanta agus cártaí poist níos líomhaire sa phost ná na catalóga, na leabhráin chúpón, etc. a fhaightear ann inniu. Dramhphost, in aon fhocal amháin.

Is léir dom anois, le bliain nó dhó anuas, go bhfuil an taoide tar éis iompú sa treo céanna ar an nguthán baile (“an líne thalún”) freisin. Ní thógaim an glacadóir seacht n-uaire as deich anois. Tá a fhios agam cheana, ó aitheantas an ghlaoiteora ar an scáileán beag, nach mbeidh ar cheann eile na líne ach peidléir eile, nó “worthy cause” eile, nó pobalbhreith eile.



Maidir leis an teileafón mar áis shóisialta, baintear níos lú daoine úsáid as le comhrá beo a dhéanamh ná riamh. Bhí alt faoi seo ar an New York Times an tseachtain seo caite, “Don't Call Me, I Won't Call You”. Chuir sé ionadh orm, ach d'aithin mé láithreach go raibh an ceart ag an údar.

26 Márta 2011

an fear is mó clú agus cáil




Lá amháin, chuir múinteoir naíscoile ceist ar a cuid daltaí.

“Cérbh é an fear ba mhó clú agus cáil dá raibh beo riamh? An bfhuil a fhios agaibh? Tabharfaidh mé $5 don leanbh a bhfuil an freagra ceart aige.”

Thóg Taidhgín a lámh. “Pádraig Naofa,” a dúirt sé.

“Tá brón orm, a Thaidhgín. Níl an ceart agat.”

Thóg Jaswinder a lámh. "Guru Nanak," a dúirt sí.

“Tá brón orm, a stór. Níl an ceart agatsa ach oiread.”

Thóg Joel a lámh faoi dheireadh. “Íosa Críost,” a dúirt sé.

“Tá an ceart agat, a Joel! Gabh i leith agus tabharfaidh mé $5 duit.”

Tar éis don mhúinteoir an t-airgead a thabhairt dó, dúirt sí leis, “Tá ionadh orm go ndúirt tú Íosa Críost, a Joel, agus tú i do Ghiúdach.”

“Bhí a fhios agam i mo chroí,” a dúirt Joel, “gurb é Maois an fear ab iomráití dá raibh ann riamh. Ach tugtar aire do chúrsaí gnó.”

24 Márta 2011

ealaín na mallachta



Is cosúil gur ó na Giúdaigh, le cuidiú na Críostaíochta, a d'fhoghlaim na Gaeil ealaín na mallachta. Seo agaibh an cruthú, ó Shalm 109:

8 Gura tearc iad laethanta a shaoil;
agus go nglaca neach eile a chúram.

9 Go raibh a chlann ina ndílleachtaí gan athair;
agus go bhfágtar a bhean chéile ina baintreach.

10 Go raibh a chlann ina lucht fáin ag iarraidh déirce;
agus go bhfágtar iad gan teach gan treabhchas.

11 Go bhfaighe fear an ghaimbín a bhfuil aige;
agus go mille strainséirí toradh a shaothair.

12 Ná raibh neach ann chun gar a dhéanamh dó
ná chun trua a ghlacadh dá dhílleachtaí.

13 Go ndéantar a shliocht a mhilleadh,
agus a shloinne a scriosadh in aon ghlúin amháin.

Nach spalpadh breá mallachtaí é sin? Níl a fhios agam an raibh aon rud níos nimhní nó níos éifeachtaí mar mhallacht ag ár sinsir! Tá cnuasach beag dár gcuid seanmhallachtaí ar fáil anseo.