27 Feabhra 2011

socca



Bhí cairde chun dinnéir againn aréir. Thosaigh muid le socca, te as an oigheann. Thaitin an “phancóg” seo go mór leo!

D'fhiafraigh siad ar an toirt, “An bhfuil uibheacha ann?”
- Níl.
- An bhfuil cáis ann?
- Níl. Níl ann ach uisce, ola olóige, salann, a lán piobair, agus plúr sicphiseánaigh.

“Beidh sé seo ar fheabhas do dhaoine nach féidir leo glútan a ithe, agus do na veigeáin,” a dúirt siad.

Cé nach féidir plúr sicphiseánaigh a cheannach chuile áit, tá sé ar fáil go héasca i siopaí Ind-Phacastánacha. Besan बेसन a thugtar air ansin. Níl sé daor ar chor ar bith, agus is cosúil go bhfuil sé sách sláintiúil.

Seo é an t-oideas a úsáidim, a fuair mé tamall ó shin ón New York Times:

1 cupán / 125 g plúr sicphiseánaigh / béasan
1 taespúnóg salann
1 taespúnóg piobar dubh úrmheilte
4 - 6 spúnóg bhoird ola olóige
1 cupán / .24 l uisce bogthe

Téigh an t-oigheann go 450F / 230C (an-te!) Cuir scilléad iarainn 12 orlach san oigheann. Measc an salann agus an piobar tríd an bplúr. Cuir an t-uisce leis an bplúr go mall, á bhuaileadh le greadtóir an t-am ar fad. Measc 2 spúnóg bhoird den ola tríd. Beidh an fuidreamh seo cosúil le huachtar ramhar.

Cuir 2 spúnóg bhoird den ola sa scilléad téite agus clúdaigh an t-íochtar leis. Doirt an fuidreamh isteach agus bácáil ar feadh 12-15 nóiméad, go dtí go mbeidh ciúmhais na pancóga donn. Bain amach as an oigheann í agus leath níos mó ola uirthi má tá sí tirim.

Cuir an scilléad ar ais san oigheann faoin ngríoscóir ar feadh cúpla nóiméad eile le go mbeidh an phancóg breac le spotaí donna. Gearr ina dingeacha í agus ith gan mhoill iad!

focal an lae in Araibis



ارحل

Imigh!



ارحل ارحل يا مبارك

Imigh, imigh a Mhubarak!



“Irhal” a deirtear.

Dá mbeifeá in ann duine amháin a ruaigeadh as do thír féin, nó as tír eile, cén duine a thoghfá?

26 Feabhra 2011

Plus ça change...


... plus c'est la même chose.



The Merry Minuet, scríofa le Sheldon Harnick sa bhliain 1958, á chanadh anseo leis an Kingston Trio sa bhliain 1966. Is iontach cé chomh “suas chun dáta” agus atá cuid na focail!

They're rioting in Africa, they're starving in Spain.
There's hurricanes in Florida, and Texas needs rain.
The whole world is festering with unhappy souls.
[...]
They're rioting in Africa, there's strife in Iran.
What nature doesn't do to us, will be done by our fellow man.

25 Feabhra 2011

mallacht ar an arracht



uir aniuil tarat

úir aineoil tharat

Is i nóta imill ar leathanach 101 sa Leabhar Breac a fuair mé na focail seo. Tá mé á mbaint as comhthéacs le go mbeidh siad mar mhallacht ar an arracht Qaddafi (nó cibé litriú is fearr leat):

Ná raibh d'uaigh sa tír a chéas tú!

Go raibh bás an díbeartaigh ortsa
agus ar do shliocht!

24 Feabhra 2011

ceann nua ó bhanna ceoil Gàidhlig


“Guth Sàmhach” ó
Bi Beò, banna ceoil as Uidhist:



Mura bhfuil ach cuid den scáileán le feiceáil anseo, téigh go YouTube. Tá níos mó dá gcuid oibre ar fáil ansin.

23 Feabhra 2011

Fleet Foxes



Is banna ceoil áitiúil é seo. Seattle atá mé a rá, ar ndóigh. Is é
Robin Pecknold an príomhamhránaí agus is eisean a scríobhann na hamhráin. Cé nach bhfuil sé ach 25 bliana d'aois, tá a chuid ceoil fréamhaithe go domhain i gceol tíre/popcheol na 60dí is na 70dí.

Dála an scéil, tá an t-amhrán seo ar fáil saor in aisce ó iTunes anois má tá tú i do chónaí sna Stáit. Is cosúil nach bhfuil an féirín seo ar fáil tar lear. Ach má thaitníonn siad leat, beidh siad in Éirinn an samhradh seo chugainn, 6/25 i mBéal Feirste agus 6/26 i gCorcaigh.

palandróm don tsúil



Cad é seo? Ní hansa. Ainm na tíre atá sna ceannlínte ar fud an domhain anois díreach. Seo iad na litreacha atá scríofa, á léamh ó dheas go clé:

l - ī - b - ī - ā

Is léir daoibh ón eiseamláir seo nach mór do na poncanna beaga ualach mór a iompar san aibítir Arabach. Is álainn an aibítir í, gan dabht, ach is minic nach mbíonn sí chomh héasca sin a léamh.


Seo é an tír chéanna, bunoscionn mar atá sí faoi láthair. Céard a bhfeiceann tú san íomhá seo?