18 Feabhra 2011

Gaeilge Mhanann



Chuir Brian Stowell Gaeilge Mhanann ar scéilín an Triúir Mhanach cúpla bliain ó shin. Tá an litriú atá acu deacair a thuiscint, ach tá an Ghaeilge atá acu sách gar don dá Ghaeilge eile.

D'athscríobh mé an scéilín i meascán de Ghaeilge na hÉireann, de Ghaeilge na hAlban (i litreacha corcra) agus de Shean-Ghaeilge (focal amháin i ndearg nár mhair beo sna teangacha eile).

“Ciúnas” an chiall atá le “féth”, an focal Sean-Ghaeilge. Tá focal eile ann nach bhfuil a shanasaíocht agam, mar atá “eisht”. Is focal coitianta é a chiallaíonn “ansin, then”.

Ren tree maynee y seihll y yiooldey.

Rinne trí manaigh an saol a dhiúltadh.


Hie ad magh ayns yn aasagh dy ghoaill arrys son nyn beccaghyn roish Jee.

Chaigh iad mach anns an fhàsach do ghabháil aithreachas son nam peacaidhean roimis Dia.


Cha loayr ad rish y cheilley rish blein.

Cha labhair iad ris a’ chéile ris bliain.


Eisht dooyrt fer jeu rish fer elley, “Ta shin mie dy liooar.”

[Ansin] dúirt fear diubh ris fear eile, “Tá sinn maith do leor.”


Tostid rish blein elley.

Tost(acht) ris bliain eile.


“S’feer shen”, as y nah ’er.

“Is fíor sin,” ars an ath fhear.


Myr shen, hie blein elley shaghey.

Mar sin, chaigh bliain eile seachad.


“Dar m’ennym,” as y trass ’er, “mannagh lhiggys shiu fea dou, faagym y lane aasagh diu!”

“Dar m’anam,” ars an treas fhear, “mana ligfeas sibh féth domh, fàgaim a’ lán fhásach daoibh!”

na corra: aguisín


Ní corra iad seo, ach baineann na grianghrafanna seo le hábhar.


Thóg mé an grianghraf seo cúpla lá ó shin ag bun an chnoic, cúpla nóiméad ó mo theach, agus mé ag siúl go dtí an Ollscoil. Tá nead na n-iolar níos mó ná riamh agus is éasca í a fheiceáil anois gan aon duilliúr ar na crainn. Seo ceann de na héan a itheann na corra óga, abhó! (Féach na nótaí tráchta sa bhlagmhír eile.)


Agus seo grianghraf a thóg Brad Thomas le ceamara a cuireadh i ngníomh le motion sensor. San oíche a tógadh é. Ní raibh Brad i láthair. Ní minic a fheicter an leomhan seo, an cougar, cé go bhfuil siad sách coitianta san Oirthear. Cosúil leis na corra, ní nós leo buaileadh le chéile san áit chéanna de ghnáth. Is big deal an pictiúr seo toisc go dtaispeánann sé ocht gcinn acu le chéile, de réir an ailt ar an Seattle Times.

17 Feabhra 2011

na corra inniu


Cliceáil...

Feicim na corra áitiúla (Ardea herodias, an chorr mhór ghorm) go minic cois an locha anseo. Bíonn siad ina n-aonar de ghnáth, nó bíonn achar sách mór eatarthu, ós ag iascaireacht atá siad. Ach chonaic mé rud neamhghnách inniu, naoi gcinn acu le chéile ar an mbruach gan faic á dhéanamh acu... go follasach ar aon nós.



In ainneoin an tsolais sna pictiúir seo, lá scamallach a bhí ann den chuid is mó, agus fuar.

well, well, well


Tobar Mhic Duach

Bhuel, céard a cheapann tú?” a d’fhiafraigh Junior nuair nár fhreagair Rodrigo é.

- Alex Hijmans, "An Ofráil ar an gCosán" (Comhar, 2010)

Nuair a fhéachaimid timpeall an domhain ag lorg méar ar eolas maidir le conas teacht aníos as an abar, bhoil, ní fhéachaimid timpeall an domhain. Féachaimid go háirithe ar thíortha na hAnglasféire ....

- Alan Titley, "Eiseamláir eile" (Irish Times, 17 Feabhra, 2011)

Bheul,” a dúirt sí os íseal, “ní mór dúinn tús a chur le ciall a bhaint amach as an phrácás seo uilig.”

- Proinsias Mac a' Bhaird, Rún an Bhonnáin (Guth Nua, 2010)

Bhuel, bhoil, bheul.


14 Feabhra 2011

foraois chloiche ar an trá



Níl raibh a fhios agam go raibh na stumpaí iontaisithe seo ann, ar an trá i mBré, go dtí go bhfaca mé an grianghraf seo anseo inniu, a bhuí leis an mBBC. Cheadaigh mé Reading the Irish Landscape le Mitchell & Ryan anois díreach, ach ní bhfuair mé dada sa leabhar sin faoi na crainn seo, crainn a bhí ag fás ar an trá 8,000 bliain ó shin. An bhfuil grianghrafanna eile ag éinne agaibh?

12 Feabhra 2011

sanasaíocht ghreannmhar



Sanas Cormaic, # 919:

Mala .i. moo a lló oldás in t-édan

Mala .i. is mó a ribí ná an t-éadan

I bhfocail eile, tagann “mala” ó “mó-ló” toisc go bhfuil níos mó ribí gruaige ansin ná in aon áit eile ar an aghaidh. Dar le Cormac. Focal Sean-Ghaeilge is ea “ló” a chiallaíonn “ribe; ribe olla; olann”. Níl mé cinnte, ach ní dóigh liom go bhfuil aon rian de fágtha sa teanga.

The Irish Affliction