06 Feabhra 2011

grianghraf stairiúil


Cliceáil.

Fuair mé bosca seanghrianghrafanna an lá cheana. Tógadh iad i Yosemite National Park nuair a bhí mé i mo ghasúr. Chaith mo thuistí dhá sheachtain ag campáil ansin chuile shamhradh, agus níor éirigh siad as nuair a saolaíodh mé. Seo mise ag 3+ bliana d'aois le mo mháthair. Féachaigí chomh sean is atá na carranna! Agus chomh beag is atá an capall.

05 Feabhra 2011

ar dheis Ken



De réir ailt ar an Wall Street Journal ar maidin, fuair ríomhaire darb ainm Watson an bua ar Ken Jennings agus Brad Rutter, beirt buaiteoirí móra ar an gclár teilifíse Jeopardy. Ní raibh suim dá laghad agam riamh sa seó seo, saghas tráth na gceist, ach chuir mé an-suim sa ghrianghraf seo. An bhfeiceann sibh é? Sea, “SMAOINIGH” (le ‘g’ buailte) thuas ansin in éineacht le THINK, PIENSE, सोचिये, agus ДУМАЙ.

comhaireamh minicíocht focal


Cliceáil le méadú.

Rinne mé an íomhá seo le Wordle, a bhuí le hAonghus a chuir ar mo shúile dom é. Séard a d'úsáid mé mar théacs ná scéilín an triúir manach. Níl ann ach sé abairt agus tá an méid sin féin sách athráiteach. Tá fianaise ghrafach agam anois gurb iad na focail is coitianta ann ná "bliadnae" agus "co", go bhfuil "fer", "cenn" agus "fri" sa dara háit, agus mar sin de.

leacht cuimhneacháin



(SEO-haíod MÍO-nár)

Tógadh an leacht seo, Túr na Mairtíreach, in Dhaka, Bangladesh, in ómós do na daoine a chaill a mbeatha ar son a dteanga sa bhliain 1952, nuair a bhí Bangladesh ina chuid de Phakistan. Nuair a bunaíodh an tír nua sin (agus meancóg ollmhor a bhí ann, dar liomsa) sa bhliain 1947, chinn an rialtas nach mbeadh ach teanga oifigiúil amháin ann: Urdúis. Ní raibh na hEast Pakistanis sásta leis an gcinneadh sin ar chor ar bith.

Cuireadh Gluaiseacht na Teanga ar bun leis an mBeangáilis ar chur ar chomhchéim leis an Urdúis. Le linn agóide in Dhaka ar 21 Feabhra 1952 mharaigh na péas cuid de na mic léinn a bhí páirteach san agóid. Ní in aisce a fuair siad bás. Tugadh stádas oifigiúil do Bheangáilis faoi dheireadh sa bhliain 1956. Agus ansin scar Bangladesh ó Phakistan sa bhliain 1971.

Tugann UNESCO aitheantas do 21 Feabhra mar Lá Idirnáisiúnta na Máthairtheanga. An raibh a fhios agaibh é sin?

02 Feabhra 2011

Bliain an Choinín




Seo amhrán le haghaidh na bliana úire ó Phink Martini i bPortland, Oregon:


Tá súil agam go gcuirfidh an íomhá dheireanach san fhíseán seo gliondar ar chroí Dhubhaltaigh!

31 Eanáir 2011

Níor ghráigh sí an saol seo.


lch. 39 in LS A 2 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath

Ní car Brigit buadach bith.
Síasair suide eoin i n-ailt.
Contuil cotlud cimmeda
ind nóeb ar écnairc a mmaicc.

Seo é an chéad rann de “Iomann Bhrócáin”, curtha in eagar le Stokes agus Strachan in Thesaurus Palaeohibernicus. Agus seo leagan de i nGaeilge an lae inniu a chloíonn chomh dlúth agus is féidir leis an mbunleagan:

Níor ghráigh Bríd Bhuach an bith.
Shuigh sí suí an éin ar aill.
Chodail sí codladh an chime,
an naomh, ar son a mic.

Is ionann “a mac” anseo agus Íosa. Mhaígh na Sean-Ghaeil gur buime Íosa a bhí i mBríd.

Is fíormhaith liom na meafair seo, den éan atá suite go faicilleach ar imeall na carraige, agus den chime nach bhfuil cinnte dá bhfuil ag fanacht leis ó lá go lá.

Tá rud eile sa rann seo don té a bhfuil suim aici i stair na teanga: an rud a dtugann na scoláire an figura etymologica air. Séard atá ann ná úsáid an ainm bhriathartha (suí, codladh) leis an mbriathar féin (suigh, codail). Ní dhéantar é seo go minic inniu, ach bhí an múnla gramadaí seo sách coitianta sa tSean-Ghaeilge.

30 Eanáir 2011

An bhfuil maith ar bith ann?


An teaghlach ríoga atá mé a rá.



“Luigh siar agus smaoinigh ar Shasana.”

Más féidir le duine cliste brabach a dhéanamh orthu, caithfidh sé go bhfuil ról acu sa saol seo fós... bíodh is go bhfuil siad chomh díomhaoin le damh san eadra an chuid is mó den bhliain.