24 Eanáir 2011

tualaing = in inmhe chuig


ni tualaing mór

nad fhulaing

nó nad geib in mbec.

An té nach bhfulaingíonn an beag nó nach nglacann leis, níl sé in ann ag an mór.

Tá seanscéal againn faoin lá a fuair Cú Chulainn bás. Ba gheis dó dul thar thine cócaireachta gan mhír den bhia a bhlaiseadh, agus ba gheis dó feoil mhadra a ithe. An lá sin chonaic sé triúr cailleach ar thaobh an bhóthair. Bhí siad ag bruith madra ar thine caorthainn. Is léir gur ag fanacht leis a bhí siad! Thug sé iarracht ar dhul tharstu ach ghlaoigh siad air agus d'iarr air cuid den fheoil a chaitheamh leo. Dhiúltaigh sé. Ansin dúirt duine de na cailleacha nach raibh Cú sásta bheith i gcuibhreann leo toisc nach féasta mór a bhí ann. Ansin dúirt sí an méid thuas leis le náire a chur air. D'oibrigh an cleas sin. D'ith sé agus choill sé a gheis! Bhí a phort seinnte ag an nóiméad sin.

Tá mé cinnte nár chum an chailleach - nó údar an scéil - an t-achasán sin. Seanfhocal a bhí ann cheana féin. Is dócha freisin go raibh leagan níos giorra de ann, mar atá:

Ní túalaing mór nad·fhulaing in mbec.

An té nár fhulaing an beag, ní tualaing é an mór.

Tá an píosa gaoise seo sa chnuasach Sengoídelc anois.

22 Eanáir 2011

réidh & aimhréidh



Rop réid rémunn cech n-aimréid!

Go raibh réidh romhainn gach aimhréidh!

Tá mé díreach tar éis an bheannacht seo, ó “Hymnus S. Colmani Mic Ui Cluasaigh,” a chur leis an gcnuasach Sengoídelc. Níl a fhios agam, áfach, an bhfuil mé i bhfách le comhlíonadh na guí seo go huile is go hiomlán. Is minic a bhíonn cosán réidh beagán leadránach.

20 Eanáir 2011

seancheann maith



- Aidh sae, tá díomá an domhain orm gur lig tú broim roimh mo bhean!

- An-bhrón orm, ól tseap! Ní raibh a fhios agam gurbh é a seal é.

18 Eanáir 2011

Tá an t-impire gan éadach...


... ach is cuma sa sioc le Fianna Fáil é sin. An féidir libh é sin a mhíniú dom? I níos lú ná fiche focal? Mar haiku??

Impire nó alpaire,
clampaire nó liopaire,
prompaire nó ropaire,
trumpaire nó úspaire?

17 Eanáir 2011

trí aistriúchán nua


Neil McLeod, cara liom san Astráil,
a chuir an buidéal fíona chugam.

Is dócha gur cuimhin le cuid agaibh go raibh scéim ar siúl agam leis an scéilín grinn Sean-Ghaeilge faoi thriúr manach a dhiúltaigh don saol a aistriú go dtí a lán teangacha éagsúla. Lig mé mo mhaidí le sruth ar feadh tamaill, ach tá mo chuid eangacha curtha agam arís. Tá trí aistriúchán nua ar an suíomh inniu: Gréigis Chlasaiceach, Gréigis an Tiomna Nua, agus Polari.

16 Eanáir 2011

I bhfad uainn an drochrud!



Seo ceann de na cláir fhógraí atá le feiceáil le déanaí sa chathair Split sa Chróit. Impíonn sé:

A Bhanríon na gCrótach,
sábháil muid ar dhul isteach san Aontas Eorpach!

Ní féidir liom an cló beag a léamh, ach is cosúil go luaitear bia GM, coir, truailliú, agus fiach i measc na n-olc a thiocfadh le ballraíocht san AE.

15 Eanáir 2011

quinoa agus bia ársa na hÉireann


Quinoa: síolta beaga a bhfuil próitéin iomlán iontu .i. na hocht n-aimínaigéad riachtanach. Tógtar quinoa sna hAindéis den chuid is mó, ach tá sé ar fáil in ollmhargaí ar fud na hEorpa agus Mheiriceá anois.


quinoa bán agus quinoa dubh

Chenopodium quinoa an t-ainm déthéarmach oifigiúil atá air. Tá planda eile ann atá gar i ngaol leis, Chenopodium album, planda atá sách coitianta mar “fhiaile” san Eoraip agus ina lán áiteanna eile.

Cuid de na hainmneacha a thugtar nó a thugtaí ar in Éirinn ná biacon-weed, dirtweed, dirty dick, drought-weed, fat hen, frostbite, hen-fat, lamb's-quarters, lamb's-tongue, mails, melgs, myles, milds, muck-weed, mutton-tops, rag jag, wild spinach. “Blonagán bán” atá air i nGaeilge, chomh maith le “Lus coise gé”.

Itear na duilleoga bruite mar spionáiste nó amh i sailéidí. Ach tráth den saol, d'ití na síolta freisin in Éirinn, síolta beaga atá an-chosúil le quinoa. Scríobh Fergus Kelly an méid seo faoi in Early Irish Farming (1998):

Pre-Norman sites in Ireland often contain abundant traces of fat-hen (Chenopodium album). Seeds occur in faecal material, and so must have been of significance in the human diet.

Deir sé freisin nach bhfuil a fhios aige cén t-ainm a bhí air i Sean-Ghaeilge. Is trua sin, ach is dócha go raibh na duilleoga agus na síolta seo ró-umhal le háit a fháil i scéalta na ríthe agus i mbeathaí na naomh.

Chenopodium album

Pé scéal é, fásann blonagán bán abhus anseo freisin. Léigh mé gur mheasc na daoine Zuñi na síolta le min bhuí le domplagáin a dhéanamh, agus gur chuir na daoine geala a tháinig isteach sa tír iad ina gcuid muffins agus biscuits. Tá súil agam go mbeidh mé in ann cúpla dornán acu a chnuasach i mbliana le go mbeidh deis agam iad a bhlaiseadh.