18 Eanáir 2011

Tá an t-impire gan éadach...


... ach is cuma sa sioc le Fianna Fáil é sin. An féidir libh é sin a mhíniú dom? I níos lú ná fiche focal? Mar haiku??

Impire nó alpaire,
clampaire nó liopaire,
prompaire nó ropaire,
trumpaire nó úspaire?

17 Eanáir 2011

trí aistriúchán nua


Neil McLeod, cara liom san Astráil,
a chuir an buidéal fíona chugam.

Is dócha gur cuimhin le cuid agaibh go raibh scéim ar siúl agam leis an scéilín grinn Sean-Ghaeilge faoi thriúr manach a dhiúltaigh don saol a aistriú go dtí a lán teangacha éagsúla. Lig mé mo mhaidí le sruth ar feadh tamaill, ach tá mo chuid eangacha curtha agam arís. Tá trí aistriúchán nua ar an suíomh inniu: Gréigis Chlasaiceach, Gréigis an Tiomna Nua, agus Polari.

16 Eanáir 2011

I bhfad uainn an drochrud!



Seo ceann de na cláir fhógraí atá le feiceáil le déanaí sa chathair Split sa Chróit. Impíonn sé:

A Bhanríon na gCrótach,
sábháil muid ar dhul isteach san Aontas Eorpach!

Ní féidir liom an cló beag a léamh, ach is cosúil go luaitear bia GM, coir, truailliú, agus fiach i measc na n-olc a thiocfadh le ballraíocht san AE.

15 Eanáir 2011

quinoa agus bia ársa na hÉireann


Quinoa: síolta beaga a bhfuil próitéin iomlán iontu .i. na hocht n-aimínaigéad riachtanach. Tógtar quinoa sna hAindéis den chuid is mó, ach tá sé ar fáil in ollmhargaí ar fud na hEorpa agus Mheiriceá anois.


quinoa bán agus quinoa dubh

Chenopodium quinoa an t-ainm déthéarmach oifigiúil atá air. Tá planda eile ann atá gar i ngaol leis, Chenopodium album, planda atá sách coitianta mar “fhiaile” san Eoraip agus ina lán áiteanna eile.

Cuid de na hainmneacha a thugtar nó a thugtaí ar in Éirinn ná biacon-weed, dirtweed, dirty dick, drought-weed, fat hen, frostbite, hen-fat, lamb's-quarters, lamb's-tongue, mails, melgs, myles, milds, muck-weed, mutton-tops, rag jag, wild spinach. “Blonagán bán” atá air i nGaeilge, chomh maith le “Lus coise gé”.

Itear na duilleoga bruite mar spionáiste nó amh i sailéidí. Ach tráth den saol, d'ití na síolta freisin in Éirinn, síolta beaga atá an-chosúil le quinoa. Scríobh Fergus Kelly an méid seo faoi in Early Irish Farming (1998):

Pre-Norman sites in Ireland often contain abundant traces of fat-hen (Chenopodium album). Seeds occur in faecal material, and so must have been of significance in the human diet.

Deir sé freisin nach bhfuil a fhios aige cén t-ainm a bhí air i Sean-Ghaeilge. Is trua sin, ach is dócha go raibh na duilleoga agus na síolta seo ró-umhal le háit a fháil i scéalta na ríthe agus i mbeathaí na naomh.

Chenopodium album

Pé scéal é, fásann blonagán bán abhus anseo freisin. Léigh mé gur mheasc na daoine Zuñi na síolta le min bhuí le domplagáin a dhéanamh, agus gur chuir na daoine geala a tháinig isteach sa tír iad ina gcuid muffins agus biscuits. Tá súil agam go mbeidh mé in ann cúpla dornán acu a chnuasach i mbliana le go mbeidh deis agam iad a bhlaiseadh.

14 Eanáir 2011

Conas a deirtear é?




Tá cathaoirleach nua ag an bPáirtí Poblachtánach anseo i Meiriceá. Bhí spéis agam sa nuacht seo toisc nach raibh barúil dá laghad agam conas a ainm agus a shloinne, Reince Priebus, a fhuaimniú. Cheadaigh mé Google, mar is gnách linn, agus tá a fhios agam anois. Rith sé liom, ag an am céanna, go bhfuil cúpla boc mór eile sa pháirtí céanna a bhfuil sloinnte orthu nach bhfuil chomh trédhearcach le Smith agus Dolan. Seo agaibh toradh mo thaighde:

Reince Priebus “Rynce Pree-bus” / rains 'pri:·bǝs /

Tim Pawlenty “Tim Puh-lenty” / pǝ·'len·ti: /

John Boehner “John Bane-er” / 'bei·nɚ /

Maidir leis an litir “ɚ”, is comhartha IPA í. “R rhotach” nó "guta R-dhaite" a thugtar ar an bhfuaim seo. Tá sí le fáil i níos lú ná 1% de theangacha an domhain. Yurok, mar shampla, teanga leathmharbh i dTuaisceart Chalifornia. Agus dhá theanga eile: Béarla Meiriceánach agus Mandairínis!

13 Eanáir 2011

theriocephalic


Tá ceann eilifinte ar Ganesha. Tá ceann seacáil ar Anubis. Tá ceann seabhaic ar Horus. Tá siad theriocephalic dá bhrí sin. Níl a fhios agam cén Ghaeilge atá ar an bhfocal seo. Teiriaceifileach? Pé scéal é, tá cinn ainmhithe orthu.


Agus seo Críostóir Naofa, an naomh concheannach. Bhabh! (Nó badh-bhabh?) Ní raibh a fhios agam go dtí arú inné go raibh a leithéid ann i measc na gCríostaithe freisin. Is cosúil nach raibh íomhá de Chríostóir ina sheanduine ag trasnú abhainn le naíonán ar a ghualainn in Eaglais Cheartchreidmheach an Oirthir ar chor ar bith. In áit naíonán ar a ghuallí, is concheann a bhí orthu!

Caithfidh mé a rá, áfach, go bhfuil sé níos cosúla le capall ná le cú sna híocóin seo thíos. Críostóir Eachbhéal? (Bhí Echbél mac Dedad againn in Scéal Muice Mhac Dathó. Ní fíor, áfach, go bhfuair an grúpa Horslips a n-ainm ón laoch sin.)



12 Eanáir 2011

idir mharbh agus bheo


misi mac in fir mairb ac triall a tir na mbeo

mise mac an fhir mhairbh ag triall (isteach?) i dtír na mbeo

Scríobhaí darbh ainm Eogan Óg a bhreac na focail sin síos sa Leabhar Breac (lch. 152). Dúirt sé ina dhiaidh sin “tabuir bennacht do raith m'anama, a duine trocairig eigin.”

Tá fadhb bheag againn anseo. Is minic a scríobhtaí “a” in ionad “i” sna lámhscríbhinní. Más amhlaidh atá sé sa chás seo, is féidir dhá bhrí a bhaint as an réamhfhocal “i” sa tSean-Ghaeilge, mar atá “in” agus “into”. Tá Eogan ag rá linn go bhfuil sé ag triall “i dtír na mbeo” - nó “isteach i dtír na mbeo”.

Más ionann “tír na mbeo” agus “Tír na nÓg / Tír na mBan / Tír Tairngire”, mar is iondúil inár litríocht, is ainm eile é ar an alltar, an saol eile, neamh, etc. Ach bheinn ag súil leis an réamhfhocal “do” sa chás seo: “to heaven, to the land of the living, etc.” in áit “into heaven”.

An é an chaoi gurb ionann “tír na mbeo” an saol seo a bhfuil daoine beo ann, ár saol laethúil sa nóta imill seo?