
Tháinig mé trasna ar an iontráil seo in Foclóir Gaeilge-Béarla seachtain ó shin:
mua, m. (gs. ~, pl. ~nna). Clouded apparition, mysterious figure.
“Bhó hó,” a dúirt mé liom féin, “seo focal a bhfuil gealladh faoi, focal ón mbéaloideas is dócha, focal fíor-Cheltic-twilighty a thaithneodh le Goethe agus na Rómánsaithe eile ar chuir Ossian faoi dhraíocht iad.”
Ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí, faraor. Cé go bhfuil “mua” in FGB, níl mórán fianaise de le fáil ar an idirlíon. Níor aimsigh mé ach sampla amháin de i Nua-Ghaeilge, in “Allagar na hIntinne”, gearrscéal le Roibeard Gunning in Feasta, Meán Fómhar 2002:
“... feictear duit go bhfuil taibhsí ar gach taobh, muanna do lucht aitheantais ag taibhsiú sean-áiteanna an tsaoil seo.”
Is léir gur litriú nua den fhocal “muadh” atá ann. Seo a bhfuil le fáil faoi in Focalóir Gaoidhilge - Sax-Bhéarla (1768):
Tá na focail seo le fáil in DIL (Sean- agus Meán-Ghaeilge) chomh maith, ach níor baineadh mórán úsáide as an gcéad trí cinn acu riamh. Tá na samplaí neamhchinnte agus chroch an foclóirí comharthaí ceiste lena dtaobh.
Maidir leis an gceathrú focal, is aidiacht é a d'úsáidtí go forleathan ach gan bheachtas: of uncertain meaning, confined to poetic style, generally complimentary, chiefly of persons and prob. denoting external qualities (rank, wealth, etc.) rather than moral ones.












