26 Nollaig 2010

loch agus lochrúna


loch .i. dub
(LS Laud 610.79r)


lochruna .i. dúbrúna
(Leabhar Breac, lch. 268)

Focal ársa is ea “loch” leis an gciall “dubh”. Bhí sé as feidhm, den chuid is mó, míle bliain ó shin. Is dá bhrí sin atá sé le fáil in Sanas Cormaic (an foclóir sanasaíochta is sine in aon teanga neamh-chlasaiceach Eorpach). Deir an chéad sliocht thuas gurb ionann “loch” agus “dubh”. Deir an dara sliocht gurb ionann, mar shampla, “loch-rúna” agus “dubh-rúna”.

Tugann an iontráil sa Leabhar Breac an tsolaoid seo freisin:

Asoilgi laith lochrúna.

Osclaíonn leann dubhrúin.

Is léir gur seanfhocal atá ann, cosúil le “In vino veritas” na Laidine. Tá leagan nó dhó de seo i nGaeilge an lae inniu. Ós é seo séasúr an ólacháin chomh maith le séasúr an itheacháin, b'fhéidir gur feiliúnach an nath seo.

Dála an scéil, tá mé díreach tar éis an nath seo a chur leis an mbailiúchán Sengoídelc.

24 Nollaig 2010

Nollaig Shona



Ba mhaith le Michael Nollaig Shona a ghuí oraibh uilig! Is breá leis an fhéile, go háirithe an liamhás agus an ceol.

22 Nollaig 2010

cáfraith


Ar ith tú cáfraith riamh? An fíor-stuif a dhéantar as min choirce? Tá sí bog, síodúil, agus beagán géar. Tá ainmneacha eile uirthi: sowens (.i. suán in Gaeilge an lae inniu) in Albain is in Éirinn, cowree i Manainnis, kaerakile san Eastóin, llymru sa Bhreatain Bheag, agus flummery (ón mBreatnais) i Sasana. Milseog atá inti. Rinne mé í den chéad uair riamh an tseachtain seo. Níl sí deacair ná costasach, ach tógann sí cúpla lá ó thosach go deireadh.



cáfraith le síoróip mhailpe uirthi

Níl inti ach min choirce agus uisce. Cuirtear an mhin choirce ar maos i neart uisce ar feadh cúpla lá. Scagtar an stáirse, atá beagán géar faoin am seo, ón gcuid eile* den mhin. Bruitear an stáirse móide an t-uisce a tháinig leis ar feadh cúpla nóiméad, á shuaitheadh gan stad. Ramhraítear an “léite” go luath. Is féidir siúcra agus/nó blaistiú (sú, spíosraí, fanaile, etc.) a mheascadh tríd ag an bpointe seo. Lig don cháfraidh fuarú sa chisneoir. Is féidir í a ithe le do rogha anlann ansin.

* Is féidir an chuid eile a úsáid le haghaidh leite nó arán.

Séard atá ann dáiríre ná leagan ársa den rud a dtugann muid pudding air i Meiriceá. I bhfocail eile, Birds Custard Powder (ach níos raimhre). Seard atá i mBirds agus i Jello Pudding ná gránphlúr ó arbhar Indiach in áit an stáirse coirce atá i gcáfraith. Níl a fhios agam an bhfuil stáirse coirce níos sláintiúla ná gránphlúr nó cornstarch, ach ba mhaith liom a smaoineamh go bhfuil.



Seo é an t-oideas a lean mé, ón leabhar The English Art of Cookery le Richard Briggs (Londain, 1788):



Ba cheart dom triail a bhaint as babhla cáfraith le fíon agus siúcra anois!

21 Nollaig 2010

lampa ola an ghrianstad



Snoigh mé as cloch ghallúnaí é. Tá buaiceas cadáis agus ola olóige ann. Tá a lán solais i gcúpla spunóg ola.


Is beag an lampa é i gcomórtas leis an magairlín.

20 Nollaig 2010

An rud a rinne Molly anocht


láithreach na coire


déantóir na coire

claoine aiseach


21 Nollaig, Grianstad an Gheimhridh

claoine aiseach:
taisteal Eorpach
ina phraiseach.


claoine - ainmfhocal déanta ón aidiacht “claon”
aiseach - aidiacht déanta ón ainmfhocal “ais”, ón Laidin “axis”

19 Nollaig 2010

an dá sholas



Seo pictiúr a thóg mé ar maidin toisc gur thaitin solas na maidne liom. Husky Stadium de chuid Ollscoil Washington atá ar an taobh thall den uisce. Tig leat an íomhá a mhéadú, mar is iondúil.



Seo é an radharc céanna idir sholas an lae agus na hoíche. Thóg mé an ceann seo mí ó shin.