
Glaonn siad orainn ar an nguthán thart faoi am dinnéir nó níos déanaí. Ní fhágann siad teachtaireacht. Má thógaim an glacadóir níl éinne beo ar an líne ar dtús, ansin, má deirim “hello” (nó rud ar bith eile) tagann duine ar an líne. “Good evening sir,” a deir sé.
Bíonn a fhios agam roimh ré - toisc go bhfuil aitheantas glaoiteora (caller I.D.) againn - gur sirtheoir de shaghas éigin atá ann. Ní cara nó aitheantas atá ann nuair a deir an scáileán beag “Market Research Solutions” nó rud éigin mar sin!
Ní thógaim an glacadóir de ghnáth. Ní réiteach é sin dáiríre, áfach, toisc go nglaonn siad arís an chéad oíche eile, agus mar sin de. Uaireanta labhraím leo agus deirim leo gan glaoch ar ais. Ach ní oibríonn sé sin i gcónaí.
Tá straitéis nua agam. Lean mé an straitéis seo uair amháin cúpla seachtain ó shin agus níor ghlaoigh siad ar ais. Ní raibh éinne sa bhaile tráthnóna inniu ach mé féin agus na cait, mar sin bhain mé triail as arís. Tar éis do mo dhuine “Good evening” a rá thug mé AN SCRÉACH dó, díreach mar atá le feiceáil sa phictiúr thuas, i sean-ard mo chinn: AAAARRRGGGGHHHHHhhhhhhhh.
Scanraigh mé na cait, na créatúir.





