Luaigh mé an feiniméan seo beagnach bliain ó shin. “Abhainn atmaisféarach” a thugann na meitéareolaithe air. “Traein Luais na nAnann / The Pineapple Express” an t-ainm atá againn air.
Is réamh-meastachán é an pictiúr seo den aimsir a bheas againn amárach: aer te agus a lán báistí, caol díreach ó Hawai’i. Tá Seattle suite ag ceann an t-srutha seo sa phictiúr.
Fainic: Tá mionnaí móra le cloisteáil ó mo dhuine tríd an agallamh.
Mar a deir an “fíor-Éireannach” seo ag deireadh an agallaimh, “Bíonn a lá féin faoin ngrian ag chuile dhuine.” (Hey, everybody gets their day in the sunshine.)
Luaigh mé an Naga jolokia (alias bhut jolokia alias ghost chile), an chile is teo ar domhan, anseo i Meán Fómhair. Is cosúil go bhfuil chile eileann anois, a bhuí le táibhairneoir Sasanach a thógann na plandaí seo, atá níos teo fós. Tá an Naga Viper, an buama napailm (néapáim?) nua seo, 300,000 aonad Scoville níos cumhachtaí. Nach cúis ghairdeachais é sin?