24 Meán Fómhair 2010

Ganesh trí shúile Subodh Kerkar


Chuir na líníochtaí seo leis an ealaíontóir Subodh Kerkar gliondar orm nuair a fuair mé iad ar an idirlíon ar maidin. Ach is cosúil gur chuir siad olc ar mhionlach Hiondúch, daoine nach bhfuil acmhainn grinn dá laghad acu, de réir dealraimh.

Ní luch é an t-ainmhí beag sa chúinne. Is francach é. Bíonn vâhana nó “feithicil” ag chuile dhia Hiondúch: tarbh ag Shiva, eala ag Sarasvati, tíogar ag Kali... agus francach ag Ganesh!


Is léir nach svelte an dia é Ganesh. Ní raibh sé tanaí riamh agus is breá leis milseáin. Feictear domsa go raibh sé “chun tosaigh ar an gcuar” sa mhéid seo, áfach. Tá an saol mór (agus a mháthair, a athair agus a chuid páistí) á leanúint anois. Féach The World is Fat ar an New York Times an tseachtain seo.


Deirtear go ndónn an smaointeoireacht a lán calraí. Nó an wishful thinking é sin?


Seo Ganesh eile a thaitníonn liom!

22 Meán Fómhair 2010

Ganesh Chaturthi


Ganesh, i riocht íomhá, á iompar i Mumbai
go dtí an Mhuir Arabach,
mar a bhfágfar san uisce é
ag deireadh na féile

Rith an fhéile bhliantúil Ganesh Chaturthi (गणेश चतुर्थी) ó 11 Meán Fómhair go 22 Meán Fómhair i mbliana.

Cloiseann muid gan stad faoin bPápa agus a Eaglais agus a gcuid trioblóidí, faoi na Giúdaigh is na Moslamaigh agus a gcuid achrann, ach is beag a chloiseann muid faoi na Hiondúigh agus a gcuid déithe. Tá an dia áirithe seo, Ganesh, thar a bheith लोकप्रिय (.i. daoine-ionúin .i. tá sé i bpáirt le gach duine) san India. Fuair mé na pictiúir seo ón Times of India. Dá mbeadh orm dia a adhradh, thoghfainn Ganesh.

An bhanaisteoir Bollywood Hema Malini ag déanamh Ganesh Vandan

Íomhá den dia á hiompar ón gceardlann ag tús na féile

Dhéantaí na híomhánna seo as cré sa sean-am. Tumann lucht leanúna Ganesh na híomhánna i loch nó in abhann nó sa mhuir ag deireadh na féile. Leáidís ar ais sa chlábar sna laethanta sin gan dochar dá laghad a dhéanamh. Ach anois déantar as plástar Pháras iad de ghnáth. Ní leánn siad chomh héasca sin agus déanann siad dochar don chomhshaol. Mar sin, tá feachtas ar siúl leis an seanstíl a thabhairt ar ais.

21 Meán Fómhair 2010

focal taibhsiúil



Tá an téarma “ghost word” againn i mBéarla. Theip orm téarma mar sin a fháil i nGaeilge. Ach tá ghost words againn i nGaeilge mar sin féin. Seo dhá shampla:

dialann

Chum an foclóirí Risteard Pluincéad (floruit 1662) an focal “dia-lón” leis an bhfocal Laidine “diarium” (= “soláthar nó alúntas d'aon lá amháin”) a aistriú. Níor chiall sé “diary = cín lae” ar chor ar bith. Ach níor thuig foclóirí eile, Tadhg Ó Neachtain (fl. 1739), é sin. Chum seisean na focail “dialonach, a keeper of the daybook” agus “dialonacht, keeping of a daybook” ina fhoclóir féin. An Duinníneach a rinne “dialann” de “dialon” an Neachtanaigh ina fhoclóir (1904), ag cur “lann = áit; cf. “leabharlann,” etc.) i leaba “lon”. Et voilà. Is focal ceart Gaeilge anois é.

cigire

Edward Lhuyd (166o-1709) a thug an focal “cighim” dúinn. Níl ann, dáiríre, ach litriú eile de “cím = feicim”. Ní fhaca an Neachtanach an ponc, de réir dealraimh, agus chuir sé an focal “cigim, I see or behold” ina fhoclóir. Níor stop sé ansin, áfach. Chum sé sraith d'fhocail nua leis: “cigire, an inspector; cigireach, inspectingly; cigireacht, inspection; cigirighthe, inspected; cigirim, I inspect into”. Ghlac an Duinníneach le trí cinn de na focail seo sa chéad eagrán dá fhoclóir féin. Et voilà. Tá “cigire” agus “cigireacht” againn fós.

ghost chile

Maidir leis an ngrianghraf thuas anois, is téarma nua é ghost chile (chilli) i mBéarla an lae inniu. Agus is “ghost word” é. Maítear gurb é an chile* is teo ar domhan é. Naga jolokia agus bhut jolokia na haimneacha atá air in Assam mar a bhfásann sé. Foinse na taibhsiúlachta is ea an focal bhut.

Fásann bhut jolokia in oirthuaisceart na hIndia, i ngar don Bhútáin. Is cosúil gur tháinig bhut ó bhot, focal canúnach sna bólaí úd a chiallaíonn “Bútánach”. (Is tír Thibéadach í an Bhútáin, agus tugann na hIndiaigh bhoṭ (भोट) ar an Tibéid i Hindis.) Tá focal eile in Asaimis agus i Hindis, bhût (भूत), a chiallaíonn “taibhse”. Et voilà, bhût in áit bhut in áit bhoṭ. Ach... nach deas an téarma é ghost chile dá ainneoin sin?

* Cillí an focal atá againn i nGaeilge, ach ní maith liom é. Is dóigh liom gur focal silly é, bíodh is go dtosaíonn sé le /k/.

Dála an scéil, is anseo i Seattle a dhéantar na caramail sa phictiúr thuas. Níl ach soupçon de theas iontu.

20 Meán Fómhair 2010

consolatio religionis?


Nóta imill é seo as an lámhscríbhinn 3 B 23 in Acadamh Ríoga na hÉireann. Tadhg Úa Ríghbhardáin, scríobhaí an leabhair seo, a bhreac síos é. Séard atá sa leabhar seo ná díolaim de théacsanna creidimh, seanmóirí agus peannadóirí den chuid is mó.

Ni tucais mo craide dam a libuir


re cois caich ga breith uaim

Níor thug tú mo chroí dom, a leabhair,
le cois cáich á mbreith uaim.

Is cosúil gur chaill an fear seo cairde is gaolta, agus nach bhfuair sé sólás sna focail chráifeacha a bhí á gcóipeáil aige.

díbhaisteadh?


In alt ar an New York Times inniu, deirtear go ndúirt Jürgen Mettepenningen, urlabhraí an Ardeaspaig Léonard, go bhfuil na céadta Caitliceach Beilgeach tar éis litreacha a chur chucu ag iarraí “díbhaisteadh”*. Ní raibh a fhios agam go raibh a leithéid de dheasghnáth ar fáil. Chuaigh mé caol díreach go Google, mar is iondúil, agus d'fhoghlaim mé go bhfuil daoine ann atá á dhéanamh dóibh féin - le triomadóirí gruaige!


* “Hundreds of Belgian Catholics have already sent letters asking to be debaptized, said Jürgen Mettepenningen, the spokesman for Archbishop Léonard.”

Tá sé ag caint i mBéarla!


Uaireanta bíonn aiféaltas orm nuair nach féidir liom duine éigin atá ag caint i nGaeilge a thuiscint. Ach ansin is cuimhin liom nach féidir liom Béarlóirí eile a thuiscint minic go leor. Ní bhíonn fadhb agam de ghnáth le daoine a d'fhoghlaim an Béarla, ná le daoine as Meiriceá den chuid is mó, ná leis na tuairisceoirí ar an mBBC.

Ach is cuimhin liom fós na fadhbanna a bhí agam leis an tuin Ghlaschúch na blianta ó shin. Agus an píosa ar an mBBC faoi thiománaí leoraithe cianaistir: thuig mé an tiománaí as an Danmhairg gan stró, murab ionann agus an tiománaí as Tuaisceart Shasana!

Tig liom samplaí eile a thabhairt daoibh ó scannáin, ó chláir theilifíse, agus mar sin de. Ach seo agaibh sampla a thugann an chraobh leis:



Aistriúchán ag teastáil uaibh?

Seo é an tras-scríobh:

It was only a minority that spoiled it for us last time and this time it's going to be a good game of football and every cunt's going to hopefully get on with each other.


17 Meán Fómhair 2010

Fésbók?


Nó:
  1. flettismetti
  2. andrit
  3. fasbók
  4. masbók
  5. trýna
  6. vinatorg
  7. vinamót
Cad é an Íoslainnis ar Facebook? Tig leis na hÍoslannaigh vótáil air, a bhuí le feachtas atá ar siúl ag Mjólkursamsalan, comharchumann déiríochta sa tír sin. Cuireann siad na focail nua seo faoi bhráid an phobail ar a gcuid cartán bainne in éineacht le cartúin le Halldór Baldursson: an ceann seo thuas, mar shampla. Tá alt suimiúil faoi seo i mBéarla anseo.

Níl a fhios agam céard go díreach a chiallaíonn flettismetti, andrit, vinamót agus mar sin de. An bhfuil Íoslainnis ag éinne amuigh ansin?