01 Meán Fómhair 2010

Faigheann Éabha comhairle a leasa.


Is breá liom an tsraith seo! Fuair Ophelia, Desdemona agus Juliet dea-chomhairle uaidh in eipeasóidí eile. Cliceáil faoi dhó ar an scáileán le radharc iomlán a fháil. (Is breá liom freisin freagra an SGF nuair a deir Éabha “No way!”)

Ba ghad um ghaineam é.


Sa tSean-Ghaeilge, “Ba gat imm gainem.” I bhfocail eile, bheadh sé fuar againn iarracht a thabhairt ar ghaineamh a cheangal le gad. Bhí a lán abairtí mar sin sa tSean- agus sa Mheán-Ghaeilge a deir - go mearfarach - go mbeadh gníomh éigin gan mhaith, gan éifeacht, nó dodhéanta.


Tá abairt mar sin acu sa Fhraincis a thaitníonn go mór liom:

C'est comme tuer un âne à coup de figues molles.

c'est = tá sé
comme = ar nós
tuer un âne = asal a mharú
à coup de = le buille de
figues molles = figí boga, ró-aibí

31 Lúnasa 2010

i ndísc


Bíodh go bhfuil sé ag stealladh báistí anseo i Seattle inniu, tá tobar an bhlag seo i ndísc. Féach an íomhá thíos.

Tá cairde éagsúla ar aíocht againn gan stad ó 24 Iúil i leith, níos mó na lánúin amháin ag amanna. D'éirigh mé ag 4:45 a.m. inné le mo neacht, Jessica, agus Justin, a páirtí, a thiomáint go dtí an t-aerfort. Níl ach cara amháin ag fanacht linn anois, agus tuigeann seisean rithimí an tí go han-mhaith (.i. conas caife a dhéanamh, an miasniteoir agus an folúsghlantóir a úsáid, etc.), agus ní gá siamsa a dhéanamh dó gach aon nóiméad. Bhain mé sult nach beag as an gcomhluadar uilig ach ...

Cliceáil ar an ngrianghraf seo le Tom Foster len é a mhéadú.
Radharc ar chuid de Dry Falls in oirthear Washington atá ann.

25 Lúnasa 2010

stocaí & cuaráin



Creidtear go forleathan gur botún mór faisin é seo. Ach is minic a fheictear daoine ag caitheamh cuarán le stocaí sna bólaí seo. Déanaim féin é uaireanta. Cuid de fhéiniúlacht an Phacific Northwest é, in éineacht leis an Utilikilt™.



Tá fianaise againn anois go ndearna na Rómhánaigh an rud céanna! Tá seandálaithe ag obair ar shuíomh Rómhánach i Yorkshire Thuaidh faoi láthair. Fuair siad patrúin sa mheirg ar thairní i gcuarán a tháinig ó stoca nó ó rud éigin eile an-chosúil leis sin. Cuireann an fhianaise nua seo le píosa eile fianaise a fuarthas san Amhainn Tees i gCo. Durham cúig bliana ó shin, an cos rásúir thuas. Tá stoca olla le feiceáil go soiléir faoin gcuarán!

Faithful Place



Ar léigh éinne agaibh an leabhar seo? D'éist mé leis an gclosleabhar ar na mallaibh. Tim Gerard Reynolds a léigh os ard é agus is dóigh liom go ndearna sé an-jab leis an reacaireacht. Is aisteoir cumasach é, duine atá in ann guthanna éagsúla a aithris gan dul thar fóir.

Thaitin an t-úrscéal féin go mór liom, cé nach raibh sé gan locht. Níl a fhios agam, mar sin féin, an mbeinn chomh gafa sin leis murach an dóigh ar léigh Reynolds é.

24 Lúnasa 2010

Fainic!



Bíonn an cosán sleamhain nuair atá sé fuilteach!

Lushootseed


Chuir Dubhaltach cúpla ceist orm inné faoi dhearcadh an phobail ar theangacha dúchasacha Iascairt Washington:

“Cad é an tuiscint i measc an ghnáthphobail faoi theanga(cha) dúchais an cheantair?
Nach bhfuil na dúchasaigh ag iarraidh aird a tharraingt ar na hainmneacha sin?”

Na fíricí:

1) Shroich galair na nEorpach, an bholgach, an bhruitíneach, etc., an ceantar seo roimh theacht na Meiriceánach. Séard a fuair na daoine bána rompu nuair a tháinig siad isteach i lár an naoú haois déag ná tír a bhí leathbhán. Bhí na hIndiaigh ina mionlach ina dtír féin cheana féin.

2) Tá na teangacha a bhíodh á labhairt ag na bundúchasaigh marbh nó leathmharbh anois. Níl éinne fágtha anois ar féidir leis nó léi comhrá nádúrtha leanúnach a dhéanamh i Lushootseed, an teanga a bhí i réim cois na n-aibhneacha is na gcladach sa cheantar seo roimh theacht na Meiriceánach. (Níor chónaigh éinne sna foraoisí ag an am sin.)

3) Tá cuid de na hIndiaigh ag iarraidh na teangacha seo, an teanga Lushootseed go háirithe, a thabhairt ar ais anois sna scoileanna ar na reservations. Tá na tréibheanna Tulalip chun tosaigh sa togra seo. Is an-deacair an teanga í, áfach. Tá sí lán go béal le fuaimeanna nach bhfuil againn i mBéarla ná in aon teanga Ind-Eorpach eile. Ní féidir focal a fhoghlaim mura féidir leat é a rá!

4) Baintear úsáid “shearmanach” as Lushootseed i gcúpla áit anseo i Seattle. Tá na painéil seo le Hachivi Edgar Heap of Birds le feiceáil in Pioneer Square, i lár na cathrach, le beagnach fiche bliain anuas. Tá Lushootseed ar taobh amháin agus an t-aistriúchán Béarla ar an taobh eile den dá phainéal.



Is ón mblag Best Of a fuair mé na pictiúir seo.



Thóg mé an pictiúr seo thuas inné ar champas Ollscoil Washington. Bhí an leabharlann dúnta le haghaidh “lá glantóireachta” mar sin bhí orm an grianghraf a thógáil trí fhuinneog ón taobh amuigh. Seo é an téacs iomlán:


Tá aistriúchán Béarla den abairt ar an mballa sa leabharlann freisin. Seo é i nGaeilge:

Tugann Fiach solas leis go dtí teach seo na scéalta.